Dáil debates

Wednesday, 13 December 2023

Digital Services Bill 2023: Second Stage

 

3:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is ceist thábhachtach í seo, go háirithe do Choimisiún na Meán atá díreach ag teacht ar an saol i gceart agus anois táimid ag déanamh cinnte de go bhfuil ualach breise anuas air. Measaim gur thuig Coimisiún na Meán go raibh sé seo ag teacht mar bhí sé á phlé le blianta. Bhí an coimisiún réidh don chuid is mó de. Tá an coimisiún ag obair san earnáil seo cheana féin ach táimid ag tabhairt rialacha breise dó ó thaobh a leithéid d’obair a dhéanamh i dtíortha Eorpacha eile agus ag rá gur ghá dó cuidiú le haon fiosrúchán ó aon bhaill Stáit eile. Tá na fiosrúcháin sin ríthábhachtach. D’éist mé le roinnt de na Teachtaí romham agus iad ag caint ar cheisteanna a bhain le fuath, foréigean, gnéas dírithe ar pháistí, nó mí-úsáid páistí, agus is léir nach bhfuil roinnt de na seirbhíse ag feidhmiú mar is cóir dóibh sna cásanna sin.

Is léir sin dúinn anseo, le tamall anuas, ón tslí a chaitheann roinnt de na seirbhísí leis na bréagfíricí agus leis na bréagteachtaireachtaí atá á gcur suas, roinnt acu sin ón eite dheis, ag gríosadh daoine chun fuatha, chun foréigin nó chun ciníochais agus a leithéid.

D’fhéach mé ar na pionóis atá leagtha síos anseo. Ní fheicim aon áit go bhfuil sé de cheart nó de chumhacht ag an Aontas Eorpach, sa chás seo, aon cheann de na seirbhísí seo a dhúnadh san iomlán. Tá sé de phionós gur féidir fíneáil suas le 6% den teacht isteach iomlán atá acu a ghearradh/ D'fhéadfaí an pionós sin a chur orthu. Caithimid a bheith réalaíoch nach féidir é a dhéanamh i gceart. Tá rudaí ar fud an domhain ag an stad seo. Má tá ceann de na hardáin seo ag gríosadh daoine nó muna bhfuil siad sásta bogadh chun cosaint a thabhairt don phobal i gcoinne an tsóirt gríosadh seo, ba chóir go mbeadh muid in ann féachaint ar conas gur féidir linn stad iomlán a chur leo, muna bhfuil an t-ardán agus siúd atá i gceannas ar an ardán sin sásta cosaint a thabhairt don daonlathas nó do chine ar leith thar chine eile.

Tá a lán rudaí eile maidir le ceist na hardán digitigh seo agus conas gur féidir linn cosaint a thabhairt. Bhí Baill ag labhairt roimhe seo faoi chosaint a thabhairt don copyright atá ag aisteoirí agus ag scríbhneoirí agus a leithéid. Is féidir linn teacht ar ais chuig an gceist sin amach anseo nuair a bheidh muid ag plé an cheist seo ag leibhéal níos faide.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.