Dáil debates

Tuesday, 12 December 2023

Appropriation Bill 2023: Second Stage

 

5:30 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus feicim go bhfuil grúpa mór sa Ghailearaí. Nílim cinnte cárb as dóibh ach fearaim fáilte rompu ar fad.

Inniu, táimid ag plé le hairgead caipitil a bheidh á chur ar aghaidh go dtí an bhliain seo chugainn. Nuair atá os cionn €500 milliún i gceist, agus nuair a fheicimid na bóithre, na droichid agus na céanna i gConamara agus ar na ceithre oileán amach ó chósta na Gaillimhe, caithfidh mé a rá nach n-aontaím go bhfuil an oiread sin airgid nach bhfuil caite againn i mbliana. Nuair a bhreathnaímid ar a leithéidí Ceantar na nOileán, ar chaoi na mbóithre, ar na droichid, agus ar na céanna atá ann fiú amháin, is léir go bhfuil i bhfad níos mó airgid caipitil ag teastáil ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe ionas go bhfuil siad in ann an t-airgead sin a chaitheamh ar an infreastruchtúr bunúsach sin.

Deirim i gcónaí maidir le Conamara go bhfuil infreastruchtúr bunúsach ann sna cathracha nach bhfuil ann faoin tuath. Má bhreathnaímid ar bhóthar Chuan na Luinge, go háirithe, feicimid na tuilte atá ann agus na deacrachtaí atá ag daoine agus iad ag dul chuig an obair mar gheall go bhfuil tuilte ar bóthar Chuan na Luinge. Chomh maith leis sin, dá mba rud é go raibh otharcharr ag teastáil, cén bealach a thógfadh sé nuair atá tuilte i mbealach an otharchairr sin nach bhfuil sé in ann dul tríd? Tuigim céard atá á phlé againn ach tá €500 milliún i gceist a theastaíonn i gcomhair buninfreastruchtúr i gConamara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.