Dáil debates

Thursday, 7 December 2023

Planning and Development Bill 2023: Second Stage (Resumed)

 

2:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim buíoch as an deis labhairt ar an gceist seo. Ar dtús déanfaidh mé déileáil le ceisteanna maidir leis an nGaeilge agus an Gaeltacht gur chóir go mbeadh sa Bhille seo, An Bille um Pleanáil agus Forbairt, 2023. Rinne mé sracfhéachaint ar an mBille mar ní bhfuair mé an deis an Bille ar fad a léamh i seachtain amháin. Tá an iomarca leathanach ann. Tá 700 leathanach agus 120 eile anuas air sin mar mheamram míniúcháin.

Tá ceisteanna ann, áit nach bhfuil forbairt amach anseo ó thaobh ceantar Gaeltachta ach go háirithe nach bhfuil siad luaite anseo i gceart. Tá Acht na Gaeltachta, 2012 luaite ann ceart go leor, ach ní fhaca mé an Ghaeltacht go dtí seo, agus má tá sé ann tá brón orm ach níor aimsigh mé é. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó luaite, mar shampla i gCaibidil 5, áit atá na pleananna forbartha a bhíonn ag na húdaráis áitiúla á lua. Tá dualgas ar leith ann maidir le, mar shampla: forbairt eacnamaíochta; straitéis tithíochta; an timpeallacht; oidhreacht nádúrtha; agus oidhreacht tógála, ach níl aon dualgais leagtha síos anseo. Tá ceann ar leith maidir le pleanáil tithíocht nó forbairt i gceantair Ghaeltachta, áit ar gá dóibh déanamh cinnte de nach bhfuil siad ag teacht salach ar na pleananna teanga a bheas ann sna ceantair seo agus atá ann cheana féin, áit nach mbeadh siad ag teacht salach ar na treoirlínte a bheas ag an Aire.

Luaigh an tAire, ar maidin, i bhfreagra ar cheist de mo chuid, go bhfuil na treoirlíne thíor thall chun a bheith foilsithe agus ansin curtha amach ar chomhairliúcháin. Tá sé sin an-tábhachtach ó thaobh déanamh cinnte de gur féidir le lánúin agus le pobal na Gaeltachta fanacht sa cheantar sin, tithe a thógáil agus maireachtáil ann. Tá sé sin ar fad gafa anseo. Má táimid ag déanamh an reachtaíocht seo a rith, ba chóir go mbeadh níos mó aitheantas ann don ghéarchéim agus do na deacrachtaí a bhaineann le tógáil agus cónaí i gceantair Ghaeltachta, ní hamháin sna ceantair tuaithe ach sna ceantair chathrach, mar atá cathair na Gaillimhe faoi láthair. Tá bailte seirbhíse Gaeltachta san áireamh chomh maith. Tá líonraí Gaeilge san áireamh chomh maith. Tá cúig cinn de na líonraí ann cheana féin agus tá 26 cinn de na limistéir pleanála teanga ann. Caithimid déanamh cinnte de, ní hamháin ó thaobh pleanála de ach ó thaobh rudaí eile de, nach bhfuilimid ag rith reachtaíocht anseo atá ag teacht salach ar phleananna eile atá ann agus a bheas ann.

Tá Conradh na Gaeilge tar éis féachaint ar an reachtaíocht chomh maith agus tá seisean ag impí go mbeadh aitheantas ar leith ag staideanna difriúla; go mbeadh rann 19, rann 24 agus rann 27 ag déanamh cinnte de go mbeidh dualgas ar leith ag na staideanna sin aird a tharraingt ar ghnéithe áirithe. Tá siad ag iarraidh go mbeadh na rudaí seo a leanas san áireamh; oidhreacht, teanga agus cultúr pobail na Gaeilge na Gaeltachta a chosaint leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail, go sonrach trí tacú a chur i bhfeidhm i bpleananna teanga, i limistéir pleanála teanga, i nGaeltachtaí, i mbailte seirbhíse Gaeilge agus i líonraí, mar a luaigh mé. Sin ceithre áiteanna ina bheadh sé sonrach agus tábhachtach go mbeadh muid ag díriú isteach ansin. Chlúdódh sé sin a lán. Chlúdódh sé aon choimisiún nua amach anseo nó aon chomhairle contae - siúd atá ag gabháil pleananna forbartha nó straitéise maidir le tógáil, fás agus forbairt sa Stát - ionas go dtuigeann siad gur ghá dóibh aird a tharraingt ar an oidhreacht Gaelach agus ar an oidhreacht cultúrtha atá againn.

Caithimid déanamh cinnte de, leis an nGaeilge, go mbeadh lucht pleanála ann a bhfuil Gaeilge acu. Bhí mé leis an gcoiste le déanaí ar Oileán Acla agus roimhe sin bhíomar i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ceann de na fadhbanna a bhíonn ann go minic nuair a bhíonn siad ag déileáil le ceisteanna pleanála ná go mbíonn orthu athrú go Béarla toisc nach bhfuil aon fheidhmeannach ann ag an leibhéal cuí chun déileáil leo i nGaeilge. Tá géarghá le díriú air sin, mar atá géarghá le díriú ar an gceist nach bhfuil an Ghaeilge mar cháilíocht, mar shampla más tusa an duine a bheadh mar phríomhfheidhmeannach ar chomhairle contae nó comhairle cathrach ina bhfuil ceantar Gaeltachta ann. Sin roinnt de na ceisteanna maidir leis an nGaeilge agus maidir leis an nGaeltacht.

Déanfaidh mé dul tríd an reachtaíocht agus déanfaidh mé leasuithe a chur a chun cinn ar Chéim an Choiste chun déileáil le roinnt acu seo, díreach chun déanamh cinnte de nach bhfuilimid ag déanamh dearmad air sin. Seo áit nach bhfuilimid ag déanamh dearmad ar cheisteanna eile, ar nós na timpeallachta agus sin, mar a dúirt mé. Tá na rudaí sin tábhachtach ach ní cheart go mbeadh siad curtha ar leataoibh.

Luaim ceist eile a thagann suas go rialta. Ní fheicim anseo é agus b'fhéidir nach í seo an áit cheart. Another question that needs to be tackled at some stage or other is neighbourhood disputes. This includes the tree that grows in your garden and is affecting your neighbour because it is wrecking the wall. Everybody laughs at me because I have introduced legislation on this, which is sitting there. It is important to people up and down the country that there is no mechanism available for this, whether that comes under planning law, mediation or something else, at some stage we need to address it. The legislation was produced with the help of the Office of Parliamentary Legal Adviser in the hope that at some stage we can get to grips with something that bothers people an awful lot.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.