Dáil debates
Tuesday, 5 December 2023
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
10:10 pm
Patrick O'Donovan (Limerick County, Fine Gael) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas arís leis an Teachta. Is ceist an-chasta í an cheist seo . Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá mo Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d'ailt agus d'fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil. Tá go leor nithe suntasacha tagtha chun cinn de thoradh an Achta cheana féin, eadhon bunú an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge agus aontú conradh taighde i leith ullmhú an phlean náisiúnta. Anuas air sin, tá teacht i bhfeidhm alt 10A den Acht leasaithe, a chuireann dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge agus sna meáin Ghaeilge, rud atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga ar gach ardán meán atá in úsáid trasna na hearnála poiblí.
Táthar ag obair i dtreo feidhm a thabhairt anois d'alt 4 agus d'alt 5 den Acht roimh dheireadh na bliana seo. Baineann na hailt go díreach le dualgais chomhlachtaí poiblí atá faoi scáth an Achta ó thaobh: postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina bhfaightear iad; ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifead i gceart, lena n-áirítear an síneadh fada agus cur in oiriúint córais TFC agus eile le glacadh lena leithéid; leagan amach foirmeacha oifigiúla; lógónna; ainmneacha comhlachtaí poiblí reachtúla nuabhunaithe a bheith i nGaeilge amháin; agus seirbhísí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu atá curtha ar fáil ag tríú páirtí.
Cé gur luadh dáta eatramhach - an 31 Deireadh Fómhair 2023 - i leith seo roimhe seo, beidh tréimhse ghearr eile ann anois sula mbeidh feidhm á tabhairt do na forálacha seo. Críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.
No comments