Dáil debates

Tuesday, 5 December 2023

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Earnáil na Meán

10:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an ceart aige maidir leis an maoiniú do Feasta. Is ceann de na cinntí a glacadh nuair a rinneadh laghdú blianta ó shin ar an maoiniú a thug Foras na Gaeilge d'irisí agus do nuachtáin dhifriúla é sin. Thar na blianta, tá a lán irisí agus nuachtáin imithe ar shlí na fírinne i mbealach amháin nó i mbealach eile. Táim ag caint faoi , Foinse, Gaelscéal, Anois, Ar Aghaidh Linn, An tUltach, Deirdre agus a lán eile nach iad. Bhí roinnt acu dírithe ar dhreamanna áirithe ach anois níl ach dhá iris foilsithe i nGaeilge. Is ceann amháin acu Comhar, a luaigh an tAire Stáit. Tá sé sin ag fáil laghduithe ar an méid a bhíodh sé ag fáil ó Fhoras na Gaeilge. Ní fhaigheann an ceann eile, An Timire, aon mhaoiniú.

Go bhfios dom, níor lorg sé maoiniú. Tá géarchéim ann ó thaobh foilsitheoireacht na Gaeilge de. An bhfuil an tAire Stáit sásta níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh tacaíocht ann d'fhoilsitheoirí agus d'irisí amach anseo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.