Dáil debates

Tuesday, 5 December 2023

Renters: Motion [Private Members]

 

8:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Labhróidh mé in áit an Teachta Mitchell. Cathain atá an tAire chun céimeanna dáiríre a thógáil chun faoiseamh a thabhairt dóibh siúd atá ag íoc cíosanna gan áireamh sa chathair seo agus in áiteanna eile timpeall na tíre? Tá ardú leanúnach tar éis teacht ar chíosanna ó chuaigh an tAire, a pháirtí agus an páirtí ina bhfuil sé i gcomhrialtas leis i mbun rialtais. Níl aon chéim cheart glactha acu chun déileáil le ceist na n-arduithe cíosa i ndiaidh a chéile. Tá a fhios againn ar fad faoi cheist an stoic thithíochta. Tá an fhadhb seo ceangailte le stoc tithíochta ach níl aon bhac ceart curtha in áit ó thaobh na gcíosanna agus na faidhbe leanúnaí atá ag teaghlaigh teach cónaithe a fháil ar cíos. Ní hamháin nach bhfuil siad ann ach, chomh maith leis sin, tá an costas an-ard agus ní féidir le daoine an t-airgead atá acu a shíneadh níos faide. Ní airgead rubair é. Bhí mé díreach ag caint faoi airgead góchumtha, counterfeiting, agus a leithéid. Níl an t-airgead sin ag daoine. Ní féidir leo cíos a íoc muna bhfuil airgead sa phóca acu. Tá an Stát agus an Rialtas tar éis ligean do chúrsaí teacht go dtí an staid nach féidir le gnáthdaoine atá ag obair an cíos atá á éileamh ag tiarnaí talún a íoc.

In my own constituency, rents are very high and are increasing continuously. Rents are in no proportion to the value of properties or the income people are earning. There are now situations in which two people working cannot afford a family home in this city. They cannot stretch their wages, the money they are earning, further to pay the continuous increases so more and more couples and families are ending up in homelessness because the Minister has not taken the measures required to address rising rents in this city and throughout the country, because it is not just in Dublin. However, the obscene rents being charged in this city have to be addressed and increases must be reversed.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.