Dáil debates

Tuesday, 14 November 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Road Projects

9:25 pm

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an scéim seo go han-tábhachtach do bhóithre áitiúla. Tá na daoine atá ina gcónaí ar na bóithre seo ag fanacht rófhada ar fad, go háirithe i gContae Chiarraí, in áiteanna cosúil le Corca Dhuibhne. Tá níos mó airgid ag teastáil uainn, agus caithfidh an Roinn Iompair airgead a thabhairt don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail chun na bóithre seo a fheabhsú. Níl sé ceart go leor ar chor ar bith. Tá na daoine ag fanacht rófhada agus tá siad ag íoc a gcuid cánach ach níl na seirbhísí ag teacht ar ais. Caithfimid an córas seo a athrú agus caithfimid na bóithre seo a fheabhsú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.