Dáil debates
Thursday, 26 October 2023
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
12:00 pm
Ní aontaím leis an Teachta. Níl aon amhras anois ach go bhfuil i bhfad níos mó tithe á dtógáil ag an Rialtas seo ná mar a rinne éinne eile. Tá plean i bhfad níos cuimsithí againn ná atá ag an Teachta féin. Níl aon phlean aige. Cé go mbíonn sé ag béiceach i gcónaí, níl mórán taobh thiar de. Níl aon phlean cuimsitheach ag Sinn Féin - faic - agus tá siad i gcoinne scéim i ndiaidh scéime atá ag tabhairt tacaíochta d’aos óg na linne seo.
No comments