Dáil debates
Wednesday, 25 October 2023
Pre-European Council Meeting: Statements
3:10 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
De réir Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní mór do ghníomhaíochtaí an Aontais thar lear a bheith lárnaithe i bhforlámhas an dlí idirnáisiúnta, uilíocht na gcearta daonna agus dlúthpháirtíocht. Is léir go bhfuil fadhb bhunúsach ann le seachtain anuas, mar cá bhfuil an dlúthpháirtíocht do mhuintir Gaza i gcur chuige an Aontais go dtí seo? Cá bhfuil an bhéim ar chearta daonna na bPalaistíneach neamhchiontach atá á gcur chun báis ag Iosrael, go háirithe páistí? Tá os cionn 2,000 páiste básaithe de réir Defence for Children International ó tosaíodh an dianscrios seo ó Iosrael. Cá bhfuil an cáineadh ar choir chogaidh Iosrael? Cloisimid, mar ba chóir, an cáineadh ar Hamas. Cloisimid cáineadh ar an Rúis ó thaobh na hÚcráine de ach ní chloisimid cáineadh ón Aontas Eorpach maidir le coir chogaidh ag Iosrael. Cén fáth nach bhfuil an conradh EUROMED curtha ar leataobh nó ar athló mar ba chóir? Tá coinníollacha daonlathacha, coinníollacha ó thaobh cúrsaí daonna de agus coinníollacha eile ceangailte leis sin agus tá Iosrael faoi láthair ag déanamh scrios go hiomlán orthu agus ag déanamh neamhaird orthu ina iomlán.
Tá gá, ag an gcruinniú seo, déanamh cinnte de go meabhraíonn an Taoiseach do na feidhmeannaigh neamhthofa sa Choimisiún Eorpach nach bhfuil ról acu labhairt amach ar son na náisiún ar fad san Aontas Eorpach ó thaobh ceisteanna idirnáisiúnta. Tá an ról sin ag an gComhairle Eorpach agus tá siad ag teacht salach go hiomlán ar atá leagtha síos dóibh. Ba chóir déanamh cinnte de nach bhfuil siadsan ag ligean orthu féin gur féidir leo labhairt amach thar ár gceann ar fad, ach go háirithe stáit cosúil linne atá neamhspleách agus neodrach. Caithfear i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh chun déanamh cinnte de go bhfuil sos cogaidh ann agus cosaint don ghnáthphobal sa cheantar sin, nach bhfuil siad faoi léigear ag Iosrael nó aon duine eile.
Tagraím freisin do cheist na dteangacha san Aontas Eorpach agus an Chatalóinis ach go háirithe. Bhí uachtarán Esquerra Republicana de Catalunya anseo i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo chun cás na Catalóine a chur chun cinn. Is fear é a chaith tréimhse i bpríosún de thairbhe gur sheas sé leis an bpobal a bhí tar éis cinneadh a dhéanamh poblacht neamhspleách a dhéanamh den Chatalóin i reifreann. Tá saoirse aige anois ach níl saoirse go hiomlán ag an teanga. Le linn na cúirte, chuir sé ceist na teanga orainn. Tá an Chatalóinis i measc na dteangacha is mó labhartha san Aontas Eorpach. Dúirt sé gur chóir go mbeadh sí mar cheann de na teangacha oibre ann. Tá tacaíocht léirithe cheana féin ag an Aire Stáit maidir leis seo ach caithfear i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh ina leith. Chuirfeadh sé scéal iontach amach do na teangacha neamhfhorleathana san Eoraip go bhfuil stádas ar leith á fháil ag an mBascais, ag an gCatalóinis agus mar sin agus Rialtas na Spáinne sásta é sin a dhéanamh. Ní raibh sé sásta é a dhéanamh roimhe seo. Tá an deis ann agus caithfimid an deis sin a thapú san Eoraip.
No comments