Dáil debates

Thursday, 19 October 2023

Capital Support for Sports Facilities: Statements

 

5:40 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táimid anseo ag caint ar spórt agus an gá infheistiú a dhéanamh ann. Bhí sé i gceist agam clár fichille a thabhairt isteach liom le meabhrú do dhaoine gur spórt é ficheall. Is ceann de na seanspórt ársa é. Déanann daoine dearmad go minic agus deireann siad nach spórt ceart atá ann toisc go bhfuil gach imreoir ina suí. Ach tá an inchinn ag obair agus dár le roinnt daoine, is í an inchinn an matán is mó inár gcorp.

Caithfimid smaoineamh air sin uaireanta nuair atáimid ag caint faoin spórt. Baineann an fáth go bhfuilim ag ardú an cheist seo le rince. Dancing is an art form but people often forget that it is also a sport. Next year the Paris Olympics will recognise dancing, or a form of dancing. Breakdancing will be part of it. An issue there is while we have breakdancers in Ireland, there has not been proper funding for them, though there is recognition and dancing got €10,000 altogether from the Olympic Federation of Ireland. We compete at dance events around the world. Last month, Kai and Lily-Rose were crowned European under-12 Latin champions. That was organised by the World Dance Organisation. Praise needs to go to young people like that who are competing on a world stage, whether Irish dancers or under-12 Latin champions, as in this case. I congratulate them.

We need to look at our current funding arrangements in terms of those little champions and make sure the likes of the dance sport federation are properly funded so that, in the event of an Irish team qualifying for the breakdance next year, the funding is there. There are a number of groups in Limerick, some in the city. There are some very good young breakdancers. Brisrince, a thugtar air i nGaeilge measaim. Donegal is one of the places where there are a number of very good dancers. They could be our Olympians, as well as people in other more recognised sports. There is a need for much more funding.

Táimid ag ullmhú do na Cluichí Oilimpeacha an bhliain seo chugainn agus ba chóir i bhfad Éireann níos mó airgid a bheith curtha i leataobh ag an stad seo chun cuidiú leo. Aithním an t-airgead breise atá curtha ar fáil. Aithním go bhfuil an Stát seo ina lán bealaí, ag caitheamh le spórt i bhfad Éireann níos fearr ná mar a rinne Stáit roimhe ach tá i bhfad níos mó ag teastáil. Is tír bheag muid agus tá aitheantas den scoth ag Éirinn thar lear de bharr an spóirt. Ní gá dúinn ach smaoineamh ar daoine atá luaite cheana féin cosúil le Keith Earls, Johnny Sexton agus Katie Taylor agus daoine eile atá amuigh ansin ag iompar brat na hÉireann agus ag seasamh le bród ar son na hÉireann. Tagann meas as sin. Nuair a dhéanann siadsan é sin ar stáitse idirnáisiúnta, caithfidh gach polaiteoir seasamh le chéile agus infheistíocht ceart a dhéanamh sa spórt. Ní féidir linn gach iarratas a shásamh láithreach ach ba chóir go mbeimid ag déanamh cinnte de go bhfuil an tacaíocht ag na clubanna beaga ach go háirithe le gur féidir leo tús a chur le saoil lucht an spóirt, idir fir agus mhná agus páistí ach go háirithe. Is cóir go dtacóimid leo an bealach ar fad suas.

Tagraím do leithéidí Scoil an tSeachtar Laoch agus Cumann Báire Setanta a d’eascair as. Níl a fhios agam an raibh deis ag an Aire dul agus breathnú ar an gclub atá acu agus an plean mór a bhí acu. Is club beag a bhí ann ar chrosbhóthar cosúil lena lán clubanna CLG timpeall na tíre agus tá sé tar éis éacht a dhéanamh. B’fhiú féachaint ar an gclub ó thaobh na Gaeilge de agus gach rud eile mar eiseamláir. Tá clubanna eile i ngach uile contae agus ceantar. Tá clubanna beaga i mo cheantar féin. Ní leo an talamh. Is leis an bardas nó an comhairle cathrach é. Is cóir dúinn cuidiú leis na comhairlí cathrach agus na comhairlí contae chun infheistíocht ceart a dhéanamh sna páirceanna peile atá ag na clubanna seo chun cinnte a dhéanamh de go bhfuil rugbaí, peil Gaelach, camógaíocht agus iomáint ar fáil do gach uile duine atá ag iarraidh imirt agus go bhfuil áiseanna den scoth acu.

Is cóir dúinn féachaint ar an airgead a thagann isteach ón horse and greyhound racing fund. Toisc gur airgead ó gheallghlacadóirí é, níl an t-airgead atá á chur ar gheallta ag dul i dtreo na gcapall nó ar na madraí. Tá sé ag dul i dtreo sacair agus gach uile rud eile. B’fhéidir gur chóir dúinn sciar níos mó den airgead seo a chur ar leataobh chun cuidiú le spórt agus leis na daoine óga atá ag glacadh páirt sna spóirt ar fad. Tréaslaím leo siúd atá ag cuidiú leo siúd. A lán acu, níl siad á dhéanamh go gairmiúil; tá siad á dhéanamh ar son na cúise.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.