Dáil debates

Thursday, 19 October 2023

Investment in Healthcare: Statements

 

3:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas. Ar dtús báire, leanfaidh mé leis an téama a bhí á lua ag an Teachta Burke, is é sin ag gabháil buíochas leo siúd atá ag obair go dian dícheallach sa chóras sláinte, ag tabhairt cúram d'othair agus dóibh siúd a bhíonn go minic in ísle brí nuair a shroicheann siad an córas slainte, cibé in ospidéal, ag an dochtúir, nó ag freastal ar dhuine de ba daoine eile atá ag déileáil leo go gairmiúil lá i ndiaidh lae.

Ar ndóigh, tá aithne agamsa, cosúil le gach duine eile sa Seomra seo, ar a lán acu toisc ghnáthshaol na bpáistí atá againn nó baill na clainne a bhímid ag déanamh idirbheartaíochta ar a son nó ag bualadh isteach san ospidéal anois is arís. Tá aithne agam orthu agus, den chuid is mó, nó b'fhéidir iad ar fad, tá obair iontach á déanamh leo sin.

Chomh maith leis sin tá aithne agam orthu toisc go bhfuil mise, cosúil le gach uile Teachta Dála eile, ag déileáil leis an gcóras sláinte agus leo siúd atá ag obair ann lá i ndiaidh lae chun cuidiú a thabhairt dóibh a thagann chuig na hoifigí atá againn ag lorg cúnaimh nó faoisimh éigin nó ag lorg go mbeidís in ann teacht timpeall ar na scuainí feithimh atá ann. Is é sin an phríomhfhadhb atá againn nach bhfuil an infheistíocht ag déileáil leis na scuainí feithimh, nó na scuainí feithimh atá anuas ar na scuainí feithimh. Níl na leapacha, níl na lianna nó níl na haltraí ann sa chóras. Tá an córas ag obair ar bharr a chumais nó níos mó ná sin, áit nár chóir a bheith ann. Níor chóir go mbeadh aon eagraíocht sláinte ag obair 100% nó 120% sa chóras. Ba chóir go mbeadh sé in ann a bheith ag obair ar bhonn réasúnta.

Ag casadh ar rudaí áitiúla, tá fadhbanna bunúsacha ann. Ó thaobh pleanála de, tá an t-ospidéal nua leanaí sa cheantar agus níl aon phlean ann nuair a chríochnaíonn siadsan atá an tógáil, chun an tógáil a dhéanamh ar an ngá maidir le hOspidéal San Séamas nó chun Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin a bhogadh go dtí an suíomh sin go fóill.

Níl cead pleanála ann so stopadh an tógáil agus ansin tosóidh sé arís ag am éigin eile. Cuirfidh sé sin as do gach duine a bheidh ag úsáid an tsuímh sin, an gnáthphobal sa cheantar ag an áit chéana.

I appeal to the Minister to please sort out the problems in the CDNTs. It is crazy that there are vacancies upon vacancies in some of them. CDNT 3 in particular has to be addressed, as otherwise people will move to other CDNTs and place an additional burden on those areas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.