Dáil debates
Thursday, 19 October 2023
Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation
1:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Nuair a bhí an tAire Stáit, an Teachta Chambers, mar Aire Stáit don Ghaeltacht, rinne sé go leor oibre ar réiteach agus ar phlean le haghaidh reachtaíocht a thabhairt isteach le haghaidh na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais. D'fhoilsigh sé cinn an Bhille, pléadh iad ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge agus cuireadh tuarascáil ar fáil mí Iúil seo caite. Bhí dóchas ann ag an am go mbeadh reachtaíocht ar fáil agus é achtaithe sa dá Theach le go mbeadh sé ina dlí in am do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn le go bhféadfadh bord an údaráis a thogh ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla ar an 9 Meitheamh 2024. An bhféadfadh an Tánaiste a rá liom cén uair a fhoilseofar Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2022 agus cén uair a bheidh deis againn é a phlé sa Teach seo le go gceadófar é?
No comments