Dáil debates
Tuesday, 17 October 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oideachas trí Ghaeilge
5:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Is cinnte go bhfuil céimeanna dearfacha á dtógáil. Is ceann de na céimeanna seo é an t-aitheantas do scoileanna Gaeltachta. Sna Gaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre, tá an-chuid de na scoileanna tar éis iarratas a dhéanamh chuig an scéim agus tá siad ag obair i dtreo an stádas sin a bhaint amach. Is córas fada é an córas chun stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach agus, fiú nuair atá an chigireacht déanta, ní chloiseann an scoil ar ais. Tógann sé tréimhse mhaith ama sula bhfaightear an cháilíocht. Cén chúis leis an moill sin? Cén fáth nach bhféadfaí aitheantas a thabhairt do na scoileanna, go háirithe tar éis cigireacht dhearfach? Tá an obair déanta. Ba chóir brú ar aghaidh leis. Cad go díreach is cúis leis an moill? An bhféadfaí na cáilíochtaí sin a sheoladh ar aghaidh agus aitheantas a thabhairt do na scoileanna atá tar éis é a bhaint amach?
No comments