Dáil debates

Wednesday, 11 October 2023

Financial Resolutions 2023 - Financial Resolution No. 4: General (Resumed)

 

4:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Arís i mbliana, tá buiséad frith-Ghaeltacht os ár gcomhair. I gcomhthéacs na géarchéime atá ann, beidh fíorbheagán tionchair ag an méid atá fógartha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an Rialtas chun déileáil leis na deacrachtaí atá os comhair lucht na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta ach go háirithe. Tá líon na gcainteoirí Gaeilge tar éis titim sa dara daonáireamh as a chéile. Níl ach teaghlach amháin as gach cúig teaghlach ag tógaint a gcuid clainne trí Ghaeilge, agus tá 30% de na mná tí Gaeltachta éirithe as ó 2018 i leith. Sin an comhthéacs atá i gceist nuair atá mise agus daoine eile ag rá go bhfuil ghéarchéim ann ó thaobh na Gaeltachta de agus nach bhfuil na pinginí atá luaite ag an Aire chun déileáil leis na bunfhadhbanna. Fiú ag an bpreasocáid níos luaithe, ní raibh an tAire sásta glacadh leis go raibh géarchéim sa Ghaeltacht.

Rinne an tAire fógairt ar an €4.2 milliún breise atá ar fáil don Ghaeltacht ach tá an ceathrú cuid de sin chun dul ar chúrsaí riarachán agus cuid mhór den €3 mhilliún eile atá fágtha dírithe ar chúrsaí lasmuigh den Ghaeltacht. Teastaíonn €9.2 milliún ó TG4 chun an plean straitéiseach atá aige a chomhlíonadh i 2024 amháin, ach níl ach beagán thar leath de sin á fháil ag an stáisiún. I gcomparáid leis an €9 milliún a d’fhógair an Rialtas, bhí Sinn Féin réidh le €34 milliún a fhógairt le caitheamh - nó gur chóir go mbeimid ag caitheamh - ar an nGaeltacht, ar na meán Gaeltachta, agus ar an nGaeilge i gcoitinne. Bheadh an tsuim seo le caitheamh an bhliain seo chugainn agus ag ardú amach ansin. Is léir gur chuma sa tsioc leis an Rialtas maidir leis seoid oidhreachta na hÉireann a chaomhnú agus ní hamháin sa Ghaeltacht a tharlaíonn sé sin. Ní gá ach féachaint ar Moore Street mar shampla ach casfaimid ar an gceist sin ar lá éigin eile.

Speaking of culture, the Minister, Deputy Catherine Martin, has not even managed to secure a 1% increase in the current funding for the entire culture and arts sector in 2024. There is a measly €2 million total increase. A Sinn Féin arts Minister would have spent ten times that in current funding on top of the existing arts spending. We proposed a €36 million package of increases. These figures were taken from the Minister's own pronouncements today and pronouncements in the budget documents yesterday. We value our culture, our teanga and our artists. We would deliver on these issues. Ach go háirithe, dhéanfadh muid cinnte de go raibh seoid náisiúnta na Gaeilge á caomhnú againn. Ní hamháin sin ach bheimis ag cur lena húsáid, á cur chun cinn ag gach ócáid agus á cosaint, agus bheimis ag cuidiú le clainne a gcuid páistí a thógaint le Gaeilge, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud na tíre.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.