Dáil debates
Wednesday, 4 October 2023
Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation
12:55 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bítear ag maíomh go minic maidir le tacaíocht an Rialtais agus tacaíocht an Stáit don Ghaeilge ach duine ar bith a dhéanann iarracht gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge, bíonn fadhbanna ollmhóire acu, go mór mór má tá siad ag iarraidh rud a dhéanamh ar líne. Tháinig sé chun solais inniu, mar shampla, nach féidir le múinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí Ghaeilge i láthair na huaire nó le dhá bhliain anuas. Mar sainchuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, bhí soláthar ann go mbeadh fochoiste Comhaireachta agus an Taoiseach mar chathaoirleach air a stiúrfadh cúrsaí na Gaeilge sa tír seo agus a dhéanfadh cinnte go gcuirfí an straitéis i bhfeidhm agus go mbeadh cothrom na Féinne agus a gcearta ar fáil do Ghaeilgeoirí. An bhféadfadh an Taoiseach a rá liom an bhfuil sé i gceist fochoiste Comhaireachta a bhunú ar a mbeidh an Taoiseach mar chathaoirleach, mar a bhí geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-2030?
No comments