Dáil debates

Thursday, 28 September 2023

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scéimeanna Rannach

4:20 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an bhfreagra sin. Ar an gcéad dul síos, b'fhéidir go bhféadfadh sé soiléiriú a thabhairt dom. Deir sé go bhfuil an Roinn tar éis próiseáil a dhéanamh ar 76% de na héilimh. Ansin, tá tagairt faoi dhó déanta aige go bhfuil 15% de na héilimh atá faighte ag an Roinn á bpróiseáil nó go bhfuil súil aici go mbeidh siad á bpróiseáil go luath. Nuair a bhaintear 76% ó 100%, is é sin 24%. B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann a shoiléiriú dom cé as a dtagann an figiúr 15%. Nó b'fhéidir, mar a bhí ann sa fhreagra don cheist Dála, gurb iad na daoine sin atá ann ná iad ina bhfuil 76% de na héilimh próiseáilte ach go bhfuil 15% den chuid sin atá próiseáilte fós le híoc amach. An bhféadfadh an tAire Stáit é sin a shoiléiriú?

Cén iarracht atá déanta ag an Roinn maidir leis an 9% de na coláistí - tá sé sin an-ard - ina bhfuil na héilimh fós le cur isteach? Tá dualgas ar na coláistí freisin a chinntiú go bhfuil na mná tí ag fáil íocaíochta.

Bhíodh mo bhean ag coinneáil scoláirí sa teach seo againne agus tá a fhios agam go dtosódh sí luath san earrach ag caitheamh airgid, ag ceannach go leor bia tirim a bheadh ag teastáil, agus an teach a fheistiú agus a réiteach do na Gaeilgeoirí. Tá an costas ar fad sin titithe ar na mná tí i bhfad sular tháinig na scoláirí. Ansin tá an costas díreach ann freisin nuair atá siad ann; ag ceannach beatha agus mar sin de. Tá na mná tí as póca maidir leis an méid sin ar fad agus tá siad fós ag fanacht ar airgead na Roinne. B'fhéidir go mbeadh an tAire Stáit in ann a rá liom cén uair a bheidh 100% de na héilimh próiseáilte agus 100% de na hiarratais atá ar lámh íoctha?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.