Dáil debates

Thursday, 28 September 2023

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scéimeanna Rannach

4:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim go mbeidh an tAire Stáit ag úsáid an chórais aistriúcháin chomhuainigh agus go mbeidh sé ag freagairt i mBéarla. Tá sé sin sásúil domsa. Ní thuigim riamh an fhadhb atá againn leis an gcóras seo sa tír seo. Úsáideann chuile dhuine é nuair a théann muid go dtí an Bhruiséil agus oibríonn sé thar cionn.

Tá scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge thar a bheith tábhachtach do leathnú na Gaeilge i measc daoine óga ar fud na tíre. Tagann scoláirí ó chuile chearn den tír go dtí an Ghaeltacht sa samhradh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus tuiscint ar shaol na Gaeltachta a fháil. Ar ndóigh, leis an mborradh eacnamaíochta, tá laghdú ag teacht ar líon na dtithe atá ag coinneáil Gaeilgeoirí agus ar líon na mban tí. Tá sé sin intuigthe. Mar sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go meallfar daoine chun na Gaeilgeoirí a choinneáil. Ní jab éasca ar chor ar bith é a bheith ag coinneáil Gaeilgeoirí agus tá sé ag éirí níos deacra mar tá go leor dualgas breise ar mhná tí le hais mar a bhíodh fadó. Ní mór iad a chúiteamh dá réir.

Mar bharr ar chuile dhonas i mbliana, tá moill aisteach ar íoc na teaghlaigh a choinnigh na Gaeilgeoirí. Go minic, nuair atá íocaíochtaí mar sin i gceist ag Ranna Stáit, ní bhíonn an deifir agus an dlús leo gur chóir a bheith leo. Mar shampla, mura bhfaigheadh an fhoireann íocaíocht ag deireadh na seachtaine, bheadh uafás orm. Ar an gcuma chéanna, tá na teaghlaigh seo - mná is mó atá i gceist - a chuireann an-dua orthu féin chun na scoláirí a choinneáil, i dteideal íocaíocht freisin.

Chuir mé ceist Dála scríofa le gairid maidir leis an gceist seo. Bhí iontas orm a fháil amach nach raibh measúnú déanta ach ar 60% de na héilimh. Bhí 40% de na héilimh nach rabhadar fiú tar éis breathnú orthu. As an 60% sin, bhí 30% nach raibh íoctha fós. Ciallaíonn sé sin nach raibh 42% íoctha. Bhí na scoláirí Gaeilge ann i mí an Mheithimh, mí Iúil agus mí Lúnasa den chuid is mó. Go deimhin féin, críochnaíonn bunáit na gcúrsaí i lár mhí Lúnasa mar bíonn scoláirí ag dul ar ais ag scoil roimh dheireadh na míosa. Shílfeá nach mbeadh fadhb ollmhór ag an Roinn na híocaíochtaí a cheadú nuair a fhaigheann sí na héilimh ó na coláistí, go mór mór leis na ríomhairí atá ar fáil sa lá atá inniu ann. Tá íocaíocht in aghaidh na hoíche i gceist. Tá an córas simplí. Comhaireann tú suas an méid oícheanta a raibh gasúr i dteach agus méadaíonn tú é sin le líon na ngasúr sa teach. Is é sin an freagra agus íocann tú iad. Ní thuigim cén fáth go bhfuil an córas chomh casta. Ní bhíodh sé mar sin nuair a bhí daoine ag déanamh chuile shórt le peann agus ag íoc seiceanna amach.

Mar a deirim, shílfeá nuair a bheadh sé ceadaithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán go dtiocfadh sé go dtí an Roinn Airgeadais agus go mbeadh an íocaíocht déanta an lá dár gcionn. B'fhéidir go bhfuil dea-scéal ag an Aire Stáit dúinn - má tá réabhlóid tosaithe sa Roinn le seachtain anuas - agus go bhfuil na híocaíochtaí ar fáil. Más fíor é sin, beidh mé thar a bheith sásta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.