Dáil debates

Tuesday, 26 September 2023

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:50 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá dhá chraoltóir seirbhíse poiblí teilifíse sa Stát seo – RTÉ agus TG4. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cistíocht do chraolachán seirbhíse poiblí don bhliain 2024, caithfear déanamh cinnte nach dtabharfar tosaíocht don tseirbhís nach raibh in ann cloí lena buiséad seachas an tseirbhís a chloí lena buiséad, a chuir ard-seirbhís ar fáil ar bhuiséad an-teoranta agus a rinne é sin i dteanga nach labhraítear go forleathan ar fud an domhain, sé sin, an Ghaeilge. Le go bhfásfadh TG4 i gceart an bhliain seo chugainn, theastódh €15 milliún breise. I gcomhthéacs an airgid atá á lua le RTÉ, is airgead beag é. An féidir leis an Taoiseach a dheimhniú go mbeidh an t-airgead sin ar fáil agus, san fhadtéarma nó sa mheántéarma, go dtabharfar an cineál cistíocht do TG4 a thugtar trasna na farraige uainn do S4C do chraoladh i mBreatnais?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.