Dáil debates
Thursday, 13 July 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Oifig an Choimisinéara Teanga
11:50 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Luaigh an tAire gur tosaíodh an próiseas chun duine nua a earcú sa phost ar an 19 Bealtaine. Fógraíodh ar an 17 Eanáir go raibh an Coimisinéir Teanga ag bogadh ón ról a bhí aige chuig an ról eile, an ról tábhachtach atá aige i gCoimisiún na Meán. Cén fáth gur thóg sé ceithre mhí sular tosaíodh an próiseas earcaíochta? Bhí a fhios ag an Aire, fiú sular fógraíodh é, go raibh sé ag bogadh agus go mbeadh gá leis an bhfolúntas a líonadh. Tá ceithre mhí caillte agus fós níl aon dáta againn do Choimisinéir Teanga nua.
No comments