Dáil debates

Thursday, 13 July 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Oifig an Choimisinéara Teanga

11:50 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

D'fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí post an Choimisinéara Teanga ar an 19 Bealtaine 2023 le spriocdháta den 8 Meitheamh chun iarratais a dhéanamh. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas sin beagnach críochnaithe anois. Agus céimeanna an phróisis earcaíochta leanta go cuí, cuirfear moladh maidir leis an té atá le ceapadh faoi bhráid an Rialtais ar dtús agus ansin cuirfear faoi bhráid Uachtaráin na hÉireann é. Meastar go dtógfaidh an próiseas seo uile thart ar trí mhí ó thús go deireadh. Mar a luadh cheana, ar mhaithe le leanúnachas a chinntiú i bhfeidhmiú chúraimí Oifig an Choimisinéara Teanga, agus tar éis comhairle dlí a fháil ar an ábhar, tá feidhmeanna an Choimisinéara Teanga á dtarmligean chuig stiúrthóir na hoifige, faoi mar a cheadaítear faoi mhír 9 den Dara Sceideal d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá na feidhmeanna sin á dtarmligean chuige ón 12 Feabhra 2023 go dtí go gceapfar Coimisinéir Teanga nua.

Is comórtas é seo do phost thar a bheith tábhachtach, ach go háirithe sna blianta amach romhainn agus forálacha an Achta leasaithe ag teacht i bhfeidhm. Beidh dualgais sa bhreis ar Oifig an Choimisinéara ó thaobh monatóireachta de agus maidir le comhairle, treoir agus cuidiú a thabhairt do na comhlachtaí poiblí agus don phobal i gcoitinne. Ni rabhthas ag súil le heirí as iarsealbhóra an róil, ach bhí ar mo Roinn próiseas foirmiúil a thosú chun faomhadh a fháil ón Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta agus Athchóirithe sular aontaíodh an próiseas don chomórtas agus d'ábhair ghaolmhara.

Agus muid ag caint ar an ábhar seo, is fiú an deis a thapú ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliain d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, faoina rinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú. Cé go raibh aitheantas tugtha don Ghaeilge roimhe sin i mBunreacht na hÉireann mar chéad theanga oifigiúil an Stáit, le síniú Acht na dTeangacha Oifigiúla ar an 14 Iúil 2003 tugadh aitheantas agus cosaint reachtúil den chéad uair do chearta shaoránaigh na hÉireann an Ghaeilge a úsáid ina ngnó laethúil leis an Stát. Táthar ag cur tuilleadh leis na cearta sin anois chomh maith le feidhmiú céimiúil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.