Dáil debates

Thursday, 13 July 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

11:40 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire. Mar a dúirt mé, ní raibh aon ardú anuraidh i mbuiséad caipitil an Údaráis na Gaeltachta. Ní raibh airgead breise aige an díriú isteach ar na monarchana folmha. Tuigim go mbíonn athrú ag tarlú. Mar shampla, tá monarcha 2,095 m cearnógacha folamh in eastát an Bhuna Bhig le naoi mbliana anuas. tá ceann eile in eastát Bhun an Churraigh le hocht mbliana anuas agus tá breis is1,639 m cearnógacha ann ach is é an ceann is measa ná an t-eastát i gCasla, áit a bhfuil monarcha atá folamh le 22 bliain. Dar ndóigh caithfidh athnuachan agus infheistiú arís a dhéanamh chun é a bhreith suas cothrom le dáta, agus gach rud eile, agus ní tharlóidh sé sin gan airgead breise an cuidiú leis an údarás san obair atá á déanamh aige agus is léir don domhan leis na gteic-anna agus na comhlachtaí nua eile atá a mhealladh isteach san áit ag an údarás.

Más féidir airgead breise caipitil a bheith ann déanfaidh an t-údarás an obair ba chóir dó a bheith á déanamh aige agus meallfaidh sé fostaíocht isteach sa cheantar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.