Dáil debates
Thursday, 13 July 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Údarás na Gaeltachta
11:40 am
Catherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source
Tuigtear dom ón Údarás go bhfuil an eagraíocht ag tabhairt faoi obair phleanála dá phunann maoine chun a chinntiú go mbeidh siad in ann teacht ar réitigh dá gcuid cliant-chomhlachtaí reatha agus nua chomh maith lena gcuid geallsealbhóirí eile
mar is cuí.
Tá tugtha le fios ag an údarás dom go bhfuil go leor oibre idir lámha ag an eagraíocht faoi láthair. San áireamh anseo, tá an eagraíocht ag tabhairt faoi staidéar ar an infreastruchtúr, foirgnimh agus talamh atá aici, chomh maith le cúrsaí fuinnimh agus carbóin. Tá i gceist ag an eagraíocht plean acmhainní agus maoinithe a chur i dtoll a chéile ansin chun an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint amach ag úsáid na n-acmhainní seo.
Mar a thuigim é, sa chás go bhfuil measúnú déanta ar ollchostas caipitil na h-oibre, ní mór gach togra a mheas faoi phróiseas measúnaithe inmheánacha na heagraíochta mar chéad chéim, sula dtiocfaidh an togra faoi bhráid bhord an údaráis le aon chaiteachas caipitil a cheadú bunaithe ar chás gnó atá curtha le chéile chuige sin. Mar chuid den athbhreithniú ar an bpunann maoine, tá athbhreithniú inmheánach déanta ar na próisis chun tograí a mheas chomh maith.
Tuigim go bhfuil an obair seo ar bun ar mhaithe le caighdeán an phunainne mhaoine trí chéile a fheabhsú ar bhonn inbhuanaithe agus atá ag teacht le mórspriocanna straitéiseacha Údarás na Gaeltachta i leith na teanga, na fostaíochta, na forbartha réigiúnaí agus riachtanas phobail éagsúla na Gaeltachta.
Sula gcríochnóidh mé, ba chóir dom a lua go bhfuil ardú suntasach 60% tagtha ar bhunmhaoiniú d’Údarás na Gaeltachta ó thosaigh téarma an Rialtais seo in 2020. Tacaíonn an maoiniú méadaithe seo le cuspóir foriomlán Údarás na Gaeltachta a chinntiú gurb í an Ghaeilge príomhtheanga phobail na Gaeltachta agus go mbeidh sí ann do na glúine atá le teacht. Léiríonn an méadú seo ar an maoiniú go bhfuil an Rialtais seo tiomanta i leith na Gaeilge, agus go leanfar ar aghaidh ag infheistiú, ag forbairt agus ag coinneáil na Gaeltachta slán don todhchaí. Aithnítear chomh maith an raon forleathan tionscnamh atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh forbairt fiontraíochta agus chruthú post de, ach freisin, trí thacú le tionscnaimh straitéiseacha teanga, cultúrtha agus pobail.
No comments