Dáil debates

Thursday, 13 July 2023

Ceisteanna Eile - Other Questions

Na Meáin Chumarsáide

11:30 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Is cuid ríthábhachtach dár ndaonlathas é craoltóir seirbhíse poiblí iontaofa. I bhfianaise na gceisteanna faoi RTÉ a tháinig chun solais le déanaí, ní mór an mhuinín sin a atógáil. Ní féidir é seo a bhaint amach ach trí scrúdú leathan cuimsitheach a dhéanamh ar na fadhbanna in RTÉ agus trí bhealaí nua a chur i bhfeidhm chun gnó a dhéanamh chun nach dtarlóidh siad arís.

Dé Máirt seo caite, an 4 Iúil, d'aontaigh an Rialtas le moltaí a thug mé chun tosaigh chun tús a chur le scrúdú cuimsitheach ar RTÉ ina mbeadh dhá ghné: athbhreithniú neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar struchtúir rialachais agus ar chultúr eagraíochtúil RTÉ, a ndéanfaidh sainchoiste comhairleach um rialachas maoirseacht air; agus athbhreithniú neamhspleách chun scrúdú a dhéanamh ar na meicníochtaí trína bhfostaítear conraitheoirí seachtracha, na táillí a íoctar, úsáid gníomhairí agus ábhair eile acmhainní daonna in RTÉ, a ndéanfaidh coiste comhairleach saineolaithe ar tháillí conraitheoirí agus cúrsaí acmhainní daonna maoirseacht air. Is é cuspóir an scrúdaithe seo tacú le muinín an phobail as RTÉ a atógáil.

Ina theannta sin, tá cumhachtaí á bhfeidhmiú agam faoi Alt 109(7)(a) den Acht Craolacháin chun cuntasóir fóiréinseach a cheapadh a dhíreoidh sa chéad ásc ar na cuntais bhabhtála agus ar aon chuntais eile lasmuigh den chlár comhardaithe a d'fhéadfaí a aithint. Ceapadh an cuntasóir fóiréinseach inné agus cuirfear tús leis an obair gan mhoill. Mar a leagadh amach i mo ráiteas tar éis chruinniú an Rialtais ar an 4 Iúil, táim ag súil leis na tuarascálacha deiridh a fháil laistigh de shé mhí ó thús an scrúdaithe agus tuarascálacha eatramhacha a fháil de réir mar is gá.

De réir mar a théann na hathbhreithnithe ar aghaidh, d'fhéadfadh go spreagfar torthaí, faoi mo rogha féin, raon feidhme an scrúdaithe a leathnú, a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar amscálaí, lena n-áirítear na torthaí sin a eascraíonn as tuarascálacha Grant Thornton ina dhiaidh sin, obair Choiste na gCuntas Poiblí agus an Chomhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, na hEalaíona, Spórt agus na Meáin, agus ceisteanna a eascraíonn óna bplé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.