Dáil debates

Thursday, 29 June 2023

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

An Ghaeltacht

2:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an chéad rud ar mhaith liom a dhéanamh ná mapa nó léarscáil a cheannach agus a chur ar fáil don té a scríobh an fhreagra seo. Níl a fhios agam an bhfuil barúil ar bith acu cé chomh fada is atá Port Omna ón gCeathrú Rua. Bheadh sé cosúil lena rá le duine i mBaile Átha Cliath go raibh ionad príomhúil á oscailt i mBaile Átha Luain ach go mbeadh sé níos éasca dul ó Bhaile Átha Cliath go Baile Átha Luain ná mar atá sé dul ón gCeathrú Rua go Port Omna.

Ní thuigim cén chaoi go bhfuil na hionaid altranais phríobháideacha i gConamara in ann an fhoireann a fháil ach níl an HSE in ann é sin a dhéanamh. Is é sin an leithscéal céanna ar an gClochán, ach tá ionad altranais difriúla i gConamara agus tá siad ag feidhmiú i gceart agus go hiomlán.

Is é an dara rud ba mhaith liom a lua ná go bhfuil folúntas ann, mar a dúirt mé, maidir le dochtúir teaghlaigh ach is é an rud eile atá ag teastáil ná ionad príomhúil. Tá an tAire Stáit ag rá nach bhfuil aon phleananna ag an HSE ach is dócha go bhfuil sé sin bunaithe ar an daonra. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad duine a cuireadh san áireamh le cé chomh scaipthe is atá na ceantair siar ó Leitir Mealláin, atá thiar i gceantar na nOileán, mar is eol don Aire Stáit, agus chomh fada ansin leis an Spidéal? Tá píosa maith i gceist ansin agus tá cuid eile de Chonamara ann, agus ceapann an HSE nach fiú ionad príomhúil dóibh. Go minic is í an fhadhb atá ann sna cásanna seo ná easpa critéar.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire Stáit, an Teachta Butler. Bhí mé ag caint léi aréir agus gheall sí dom go dtiocfadh sí go Conamara, agus beidh mé an-sásta nuair a thiocfaidh sí. Taispeánfaidh mé ar an talamh na féidearthachtaí atá ann ach, chomh maith leis sin, na heasnaimh ollmhóra atá ann i láthair na huaire maidir le seirbhísí sláinte, ní hamháin ar an gCeathrú Rua ach go ginearálta i gConamara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.