Dáil debates

Thursday, 29 June 2023

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

An Ghaeltacht

2:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is é an Cheathrú Rua an baile is láidre Gaeltachta sa tír agus tá sé suite i gceartlár Ghaeltacht dheisceart Chonamara. Ar ndóigh, is baile an-tábhachtach é ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil do Ghaeltacht Conamara. Le fada fada an lá, tá Áras Mhic Dara ann, aonad altranais pobail do shean daoine. Ar ndóigh, baineadh an-leas as thar na blianta. Le tamall anuas, tá leapacha folmha in Áras Mhic Dara agus is deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil mar tá dóthain éileamh ar na leapacha ach is cosúil nach bhfuil na hailtirí ar fáil. Is ceist don HSE í a dhéanamh cinnte de go bhfuil foireann ar fáil le seirbhís a chur ar fáil. Bhí dhá leaba faoisimh ann freisin, nó respite mar a thugann siad air i mBéarla, do dhaoine a bhí le ligean amach as an ospidéal le go bhféadfaidís dul ar feadh b’fhéidir coicís faoisimh sa teach altranais. Chomh maith le sin, bhí seomra ann nach bhfuil in úsáid níos mó, áit a bhí leaba deireadh saoil mar a thug muintir Chonamara air an lá faoi dheireadh. Is é sin dá mbeadh duine ag fáil bháis go raibh seomra faoi leith ann agus go bhféadfadh na gaolta agus an teaghlach dul isteach ann agus a bheith in éineacht leis an duine a bheadh ag fáil bháis agus príobháideachas acu ag am mar sin.

An chéad rud atá mé ag ardú anseo inniu ar sheirbhísí na Ceathrún Rua ná céard atá an HSE chun a dhéanamh le cinnte a dhéanamh go bhfuil na leapacha seo ar fad ar fáil do phobal na Ceathrún Rua agus go dheisceart Chonamara uilig. Tá feidhm leis an seirbhís cúram lae. Fuair mé freagra ón HSE le gairid le rá nach raibh ach duine amháin ag éileamh na seirbhíse. Tá sé an-deacair a shamhlú nach mbeadh ach duine amháin ag iarraidh seirbhís lae i bpobal atá chomh tréan láidir ó thaobh daonra de leis an gCeathrú Rua. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom inniu céard iad na céimeanna a thóg an HSE le cinntiú go raibh an t-eolas faoin seirbhís seo scaipthe ar an bpobal? Dúirt an dochtúir teaghlaigh an oíche faoi dheireadh nár dúradh dada leis siúd. An cheist atá agam ná an ndeachthas i dteagmháil leis na dochtúirí teaghlaigh le go bhféadfaidís a mholadh do dhaoine go raibh an tseirbhís ann agus ansin na hainmneacha a chur ar aghaidh? An ndeachthas, mar shampla, ar Raidió na Gaeltachta ar “Iris Aniar” nó ar cheann de na cláracha leis an scéal a scaipeadh maidir leis na seirbhísí seo? An ndeachthas ar TG4? Tá an t-ádh dearg orainn go bhfuil na meán seo ar fad ar fáil againn. Ar labhraíodh leis na hailtirí pobal? Ar labhraíodh leis na soláthróirí a chuireann soláthar cúram baile ar fáil? Dár ndóigh, tá a fhios acu siúd chuile dhuine a bhfuileadar ag tabhairt cúram baile dóibh agus dá mbeadh bileoga acu siúd d’fhéadfaidís an scéal a scaipeadh. Tá sé doiligh a thuiscint áfach cén fáth nach mbeadh ach duine amháin ag iarraidh seirbhís cúram lae. Ní amhlaidh atá in áiteanna eile i gConamara agus gan an pobal céanna a bheith acu ar chor ar bith. Tá folúntas ann le fada an lá do dhochtúir teaghlaigh agus arís níl an post á líonadh. Caithfimid breathnú ar cén fáth nach bhfuilimid in ann dochtúirí teaghlaigh a earcú sa Ghaeltacht nó amuigh faoin dtuath. Is iomaí áit ar fud na tíre nach féidir dochtúir teaghlaigh a earcú. Caithfear an struchtúr agus an íocaíocht agus cibé rud a chaithfear a dhéanamh a dhéanamh leis na dochtúirí teaghlaigh a mhealladh. Tá mé ag ceapadh go bhfuil mé as am.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.