Dáil debates

Wednesday, 14 June 2023

Our Rural Future Policy: Statements

 

3:12 pm

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bhí an ceart ar fad ag mo chomhghleacaí, an Teachta Daly, nuair a dúirt sé go bhfuil chuile cheantar tuaithe difriúil. I mo dháilcheantar féin, is é ceann de na ceantair is iargúlta ann ná ceantar Gaeltachta. Tugaim rud amháin faoi deara sa Seomra nuair a labhraím i nGaeilge go minic, is é sin, go mbím orm é a rá arís i mBéarla. Is ceantar iargúlta é seo i mo dháilcheantar agus áit a labhraíonn formhór na ndaoine Gaeilge agus a mbíonn daoine ag obair trí Ghaeilge agus ag caitheamh a saol trí Ghaeilge. Caithfimid breathnú air sin. Tá na cluaisíní ar fáil agus is féidir le daoine éisteacht leis an méid atá á rá i nGaeilge, i mBéarla, má theastaíonn sé sin uathu. Is rud tábhachtach é. Má táimid ag caint faoi thábhacht cheantair tuaithe, tá ceantair Ghaeltachta san áireamh ansin.

Ar ndóigh, teastaíonn infheistíocht.

Is é ceann de na rudaí is deacra do dhaoine ná an t-infreastruchtúr. Nuair atá an aimsir go hálainn, mar atá sé faoi láthair, tá chuile dhuine ag iarraidh a bheith ina gcónaí i gConamara mar gheall go bhfuil na tránna chomh hálainn agus teastaíonn an t-infreastruchtúr caoi do na daoine atá ag iarraidh a bheith ina gcónaí agus teaghlach a thógáil ann. Teastaíonn infheistíocht sna bóithre, droichid agus céanna. Tá sé seo luaite agam go rímhinic leis an Aire mar tá impleachtaí aige sin ar fhostaíocht, ar ghnólachtaí a lonnú ann agus ar an turas chuig an obair sa chathair más gá.

Chomh maith leis sin, caithfimid breathnú ar chúrsaí séarachais. Tá a fhios agam go dtuigeann an tAire na deacrachtaí pleanála. Tá sé sin luaite sa tuairisc a d’fhoilsigh sí an tseachtain seo caite, ach caithfimid breathnú ar chúrsaí séarachais ionas go mbeidh daoine in ann cur isteach i gcomhair pleanála agus nach mbeidh sé ina bhac arís agus arís eile.

We need to be realistic when we talk about rural Ireland. The Irish language is spoken in my constituency in one of the most iargúlta and rural areas of Connemara. If we want to be serious about representing all places, we should also be ensuring this is a bilingual Chamber. I am not saying that to give out and people obviously have different levels of Irish, but we need to ensure people have the ability to listen to what is being said in Irish there and then. That is important.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.