Dáil debates

Tuesday, 30 May 2023

Court Proceedings (Delays) Bill 2023: Second Stage (Resumed)

 

6:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá sé go maith go bhfuil an Bille seo os comhair na Dála. Níl mé ina choinne i gcoitinne. Tá cúpla mionrud gur mhaith liom a ardú faoi seo. Ceann amháin ná go bhfuil post nua á chruthú sa Bhille seo agus níl an teideal Gaeilge á úsáid in ainneoin go bhfuil teideal nua i nGaeilge in ainm is dul le gach aon teideal nó oifig nua atá á chruthú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Sa chás seo, ba chóir "ardmheasúnóir ar mhoille na cúirte" a bheidh i gceist san áit atá "chief court delays assessor" á lua sa reachtaíocht seo. The Irish title should be used.

Tá sé go maith go bhfuil sé seo ag tarlú mar tá frustrachas i measc an phobail, i measc iad siúd atá ag obair sna cúirteanna, agus fiú i measc na gardaí agus na breithiúna, maidir le cásanna cúirte atá tar éis a bheith os comhair na gcúirteanna, nó sa chóras i gcoitinne, ar feadh tamall maith de bhlianta. Is gá rud éigin a dhéanamh chun cinnte a dhéanamh de nach bhfuil aon mhoilleadóireacht i gceist, nach bhfuil moill gan bunús ó thaobh na gcásanna seo, agus mar a dúirt Teachtaí romham, go bhfeicfeadh daoine go bhfuil an córas ag obair i gceart agus é chomh tapaigh agus gur féidir. Tuigimid ar fad agus luaigh roinnt de na Teachtaí romham roinnt de na fáthanna go mbíonn moill ann. Tarlaíonn sé uaireanta nach mbíonn finné ar fáil ach go minic ní bhíonn an garda ar fáil nó ní bhíonn spás ar fáil sa chúirt. Chonaic muid thar na blianta go raibh uaireanta ann nuair nach raibh an chúirt maith go leor nó nach raibh teas lárnach sa chúirt i gcás amháin. Cuireann sé sin ar fad le moill ach níl ansin ach cás amháin. Chonaic mé cásanna difriúla thar na bliana a chuireadh ar athló arís agus arís toisc fáth amháin nó fáth eile. Is ar mhaithe leis an bpobal agus fiú ar mhaithe leis an duine atá os comhair na cúirte agus na finnéithe go mbeadh na cúirteanna tar éis déileáil leis an gcás chomh tapaigh agus is féidir. Dár ndóigh, tá sé de cheart ag éinne atá os comhair na cúirte cinnte a dhéanamh de go bhfuil an fhianaise i gceart agus ar fáil dóibh agus má tá tástálacha ó thaobh DNA agus a leithéid ar fáil dóibh, go bhfuil sé sin déanta, go bhfuil gach rud i gceart, agus nach bhfuil deifir á chur ar chásanna cúirte díreach ar mhaithe le duine éigin a chiontú nuair atá an deis ann. B’fhéidir go mbíonn gá fanacht tamaillín uaireanta. Ní hé seo an fáth ata an Bhille seo os ár gcomhair áfach ach toisc go bhfuil an oiread moille atá tar éis a bheith i gceist san oiread sin cásanna thar na bliana. Tá mise anseo breis is 20 bliain agus thar na blianta tháinig reachtaíocht i ndiaidh reachtaíochta isteach a chur leis an líon breithiúna atá againn san cúirteanna difriúla. Ritheadh píosa reachtaíochta sa Teach níos luaithe i mbliana, áit a raibh breis breithiúna á lorg agus d’fháiltigh muid ar fad roimhe sin agus muid ag súil go gcuideodh sé sin leis an gcur chuige sna cúirteanna. Tá beirt bhreithiúna nua sa Chúirt Uachtarach agus seisear nua san Ard-Chúirt agus tá breis breithiúna sa Chúirt Chuarda agus sa Chúirt Dúiche chomh maith. Tá súil againn go gcuideoidh sé sin chun luas a chur faoi roinnt de na cásanna atá i gceist san oifig nua seo, nó nach mbeidh an t-ardmheasúnóir seo ag déileáil leo toisc go mbeidh na cúirteanna tar éis déileáil leo iad féin.

Tuigimid ar fad, sa ré atá ann, go bhfuil i bhfad oiread níos mó moille orthu agus go bhfuil roinnt de na cásanna ag éirí níos fadálaí. Tá cásanna ann a thógfadh seachtain 20 bliain nó 30 bliain ó shin, atá ag tógáil i bhfad oiread níos mó ama anois. Níl leigheas na faidhbe sin agam ach b'fhiú dúinn díriú isteach ar conas is féidir linn déanamh cinnte de, nuair atá cás á thógáil, go bhfuil roinnt de na rudaí aontaithe roimh ré, ionas nach bhfuil an argóint leanúnach seo ann faoi gach uile phointe, nuair atá daoine os comhair na cúirte nó nuair atá na habhcóidí ag argóint mar ba chóir dóibh a dhéanamh. Tá siad ag argóint faoi go fadtéarmach nó faoi rud éigean nach bhfuil chomh suntasach sin. Uaireanta, bíonn sé suntasach dar ndóigh agus ba chóir go mbeadh abhcóide á dhéanamh má tá cosaint duine i gceist. Uaireanta bíonn an chuma air dóibh siúd atá féachaint isteach, áfach, go bhfuil fad á chur leis an bpróiseas atá ag tarlú sna cúirteanna. Caithfimid déanamh cinnte de nach bhfuil sé sin ag tarlú.

Is é ceann de na rudaí móra a bhféadfadh cur as do na cúirteanna ná an easpa gardaí atá againn. Tá gardaí gafa sna cúirteanna. Tá siad in ainm a bheith ar duty go háitiúil. Tá brú go minic orthu. Ní féidir le duine ar bith an dá thrá a fhreastal agus is cinnte nach féidir le baill den Gharda Síochána é a dhéanamh. Céard é an rud is tábhachtaí; a bheith ar duty i stáisiún atá faoi bhrú go hiomlán, nó a bheith os comhair na cúirte nuair nach bhfuil ach mionchás aici? Uaireanta bíonn garda in ann moill a chur ar dhuine nó síneadh ama a fháil, ionas go mbeadh an chúirt ag tarlú nuair atá an duine saor, nó nuair atá an deis aige nó aici gan bheith ar duty ar na sráideanna nó gafa ag déanamh iniúchta ar chás éigean nó cás eile.

Tá rud éigin nach bhfuil ann sa reachtaíocht, nuair a fhéachtar ar na míniúcháin maidir lena bhfuil go díreach inti. Is ceann deacair é. Déanann alt 11(4)(a) iarracht é a mhíniú ach sna definitions ag tús na reachtaíochta, níl míniú ann ar a bhfuil san am réasúnta nó "reasonable time". Tá a fhios agam gur rud teibí é ar shlí amháin. Is é sin an dainséar le haon rud mar seo, is é sin, cad go díreach atá san am réasúnta. Tá meon difriúil ag daoine difriúla, ag brath ar an taobh óna bhfuil siad ag caint. An bhfuil siad ag caint ar thaobh an duine atá tar éis an cás a thógáil, nó an duine atá ag déanamh cosanta ar an gcás? Is deacracht mhór é sin. Aithním go bhfuil iarracht déanta, ach ba chóir go mbeadh beagáinín níos mó ama tugtha don mhíniú atá ar fáil in alt 11. Fágaim é mar sin. Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire Stáit, an Teachta James Browne, as an reachtaíocht seo a thógáil os ár gcomhair. Más féidir déileáil ar Chéim an Choiste leis an mbotún atá ann maidir le teideal an ardmheasúnóra seo, bheadh sé sin go maith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.