Dáil debates

Thursday, 18 May 2023

Consultative Forum on International Security Policy: Statements

 

3:25 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an díospóireacht seo tábhachtach inti féin. Is trua é gurb é seo an bealach atáimid ag déileáil léi agus go bhfuilimid ag díriú isteach ar rud nár chóir dúinn díriú isteach air. Ba chóir tionól saoránach nó coinbhinsiún bunreachtúil a bheith ann - d'fhéadfadh coiste an Tí déileáil leis seo, fiú - seachas an tslí a bhfuil sé curtha faoinár mbráid anseo. Níor chóir go mbeimis riamh faiteach faoi éisteacht a thabhairt don phobal i gcoitinne agus an tuairim a mhealladh. Thar na blianta, áfach, níor ghlac an Stát seo riamh lena raibh an pobal ag rá maidir leis seo. Ní gá ach féachaint ar na pobalbhreitheanna difriúla thar na blianta a léirigh go raibh an pobal i gcoitinne go huile is go hiomlán i bhfabhar an stádais neodraigh atá agus a bhí againn agus gur chóir dúinn a chinntiú go leanfaidh sé sin ar aghaidh. Tá tuiscint ag an bpobal i gcoitinne agus tuiscint ag a lán tíortha an domhain ar an seasamh atá againn. Cad as ar tháinig an seasamh sin? Cén chuid dár stair ar tháinig sé as?

Táimid difriúil óna lán tíortha eile atá i NATO nó ag atá lorg cogaidh anois. Beagnach na tíortha sin ar fad, is tíortha iad a raibh coilíneacht nó impireacht acu roimhe seo agus a rinne slad ar a lán de na tíortha agus treibheanna san Afraic agus a ghoid na hacmhainní astu. Táimid tar éis seasamh a ghlacadh, áfach, ach go háirithe ó 1955 ar aghaidh nuair a chuamar isteach sna Náisiúin Aontaithe agus tháinig meas as an seasamh a ghlacamar sna Náisiúin Aontaithe. Tháinig meas as ach go háirithe toisc crógacht na saighdiúirí agus iad thar lear ar mhisean ar son na Náisiún Aontaithe agus iad ag iarraidh síocháin a chothú, ag iarraidh a chinntiú nach raibh troid ann, nó ag iarraidh cosaint a dhéanamh ar phobal a bhí faoi léigear ag dreamanna a bhí armtha. Is minic go raibh na dreamanna sin atá ag déanamh léachtóireachta orainn, is é sin, ag rá gur chóir go mbeimis ag caitheamh i bhfad oiread níos mó ó thaobh airm míleata de, nó dul isteach i NATO nó in aon adventure nó eachtra míleata thar lear. Ní thuigeann siad an meas atá ag pobal na hÉireann orthu siúd a sheas an fód i Jadotville nó orthu siúd a fuair bás thar na blianta ar duty leis na Náisiúin Aontaithe. Tá an tuiscint sin ag pobal na hÉireann agus ag tíortha eile chomh maith.

Is é an fáth go bhfuil an seasamh nó stádas chomh mór sin againne thar lear ná toisc go bhfuil an meas sin ann. Má thosaímid ag déanamh creimeadh ar an neodracht nó má fhaighimid réidh leis an neodracht, nó má théimid isteach mar bhaill de NATO, déanfar damáiste de sin. Tá creimeadh tar éis tarlú le tamall de bhlianta anuas ón uair a thosaigh Rialtais an Stáit seo ag dul isteach i leithéidí the Partnership for Peace, EU Rapid Deployment Capacity, an EU battle group, European Defence Agency, nó PESCO. Déanann gach seasamh mar sin a ghlacaimid damáiste den stádas atá againn. Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an fuadar ann le rá gur chóir dúinn fáil réidh leis an neodrachas mar tá sé tábhachtach don todhchaí agus ó thaobh an seasaimh atá ag an tír. Tá breall ar an Teachta O’Callaghan nuair a deireann sé gur ghlac pobal na hÉireann, nó na Rialtais, an stádas neodrach sin de thairbhe féinmheas agus go rabhamar ag breathnú orainn féin. Ní raibh, agus níor chóir go mbeadh, aon pholasaí eachtrannach mar seo dírithe ar na buntáistí don tír seo amháin. Is buntáiste den domhan é má tá níos mó agus níos mó tíortha neodrach agus go bhfuil siad sásta seasamh suas don síocháin. Is buntáiste é don domhan má tá siad sásta seasamh i gcoinne iad siúd atá ag iarraidh slad a dhéanamh nó tíortha, acmhainní, nó tailte daoine eile a ghoid, nó ionsaithe a dhéanamh mar a fheicimid faoi láthair agus an Rúis ag déanamh ruathar ar an Úcráin. Is é sin an fáth gur chóir dúinn seasamh i gcoinne an chreimthe seo. Ní hé sin le rá nár chóir dúinn breis airgid nó acmhainní a chur i dtreo na bhfórsaí cosanta atá againn. Tá sé sin tuillte acu agus ba chóir do sin tarlú láithreach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.