Dáil debates

Wednesday, 10 May 2023

Planning and Rural Housing: Motion [Private Members]

 

10:47 am

Photo of Mairead FarrellMairead Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ardaím go rímhinic na deacrachtaí atá ag daoine óga lonnú, nó athlonnú, ina gceantair dhúchais. Feicimid go rímhinic é freisin dóibh siúd a théann thar lear, b’fhéidir mar nach raibh post acu nó nach raibh deiseanna acu ina gceantar dúchais féin. Ansin tagann siad abhaile agus deir siad leo féin gur bhreá leo bheith ina gcónaí sa cheantar ina bhfuil a dtuistí ina gcónaí. Bíonn siad ag iarraidh a bpáistí a thógáil agus iad a chur ag an scoil chéanna ina raibh siad féin, an scoil atá fós ar oscailt nó atá ar tí dúnadh, ach ní féidir leo. Cén fáth? Mar nach bhfuil tada le fáil ar cíos, níl tada le ceannach agus níl teach sóisialta ar bith tógtha i gceantair iargúlta nó ar na hoileáin amach ón gcósta.

Ansin deir siad “Bhuel, b’fhéidir gur féidir liom teach a thógáil” agus ní éiríonn leo. Bíonn fáthanna éagsúla go ndeirtear leo nach bhfuil siad in ann teach a thógáil ach go rímhinic ní bhíonn siad in ann cruinniú réamh-phleanála a fháil. Chomh maith leis sin, níl an Rialtas tar éis na treoirlínte a fhoilsiú go fóill, cé go bhfuil daoine ag rá lá i ndiaidh lae gur chóir dó é sin a dhéanamh.

Ansin, muna féidir leis na daoine seo teach ar bith a fháil beidh orthu a gceantar dúchais a fhágáil. Ní hamháin nach mbeidh siad in ann a gclann a thógáil trí Ghaeilge sa bhealach céanna gur féidir leo nuair atá an ceantar ar fad ag labhairt i nGaeilge ach ciallaíonn sé freisin go m’fhéidir go mbeidh ar an scoil dúnadh mar gheall nach bhfuil páiste ar bith sa cheantar. B’fhéidir go gciallaíonn sé freisin nach mbeidh seirbhísí eile ar fáil mar gheall nach bhfuil an daonra ann. Tá go leor fadhbanna nuair nach bhfuil teaghlaigh óga in ann a gclann a thógáil i gceantair iargúlta.

Young people, especially those who live in rural Ireland and Connemara in particular, tell me they cannot buy, rent or build anywhere. They cannot do any of those three basic things. This has a massive knock-on impact on a rural community, be that as regards the Irish language or local schools and services. The Government needs to get its act together.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.