Dáil debates
Wednesday, 10 May 2023
Agriculture and Food Supply Chain Bill 2022: Report Stage (Resumed) and Final Stage
6:42 pm
Carol Nolan (Laois-Offaly, Independent) | Oireachtas source
Tugaim tacaíocht don leasú atá os ár gcomhair maidir leis an rialálaí. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge in úsáid, chomh fada is féidir, i ngach Bille nuair a thagann sé os ár gcomhair. Nuair atá deis ann leagan Gaeilge a úsáid ba chóir dúinn an deis sin a thapú. Tugaim mo thacaíocht iomlán d'úsáid leagan Gaelach don rialálaí sa Bhille seo. Tá súil agam go mbeidh níos mó deiseanna againn chun níos mó Gaeilge a chur isteach i mBillí eile chomh maith.
No comments