Dáil debates

Tuesday, 25 April 2023

Historic and Archaeological Heritage Bill 2023: Second Stage

 

7:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an mBille seo. Tá mé tar éis a bheith ag súil leis le tamall de bhlianta anuas agus tá sé go maith go bhfuil sé os ár gcomhair. Ghlac mé páirt sa dianscrúdú a rinneadh ar na ceannteidil den Bhille. Bhí sé an-spéisiúil domsa a bhfuil spéis agam sa stair ach tá sé spéisiúil, measaim, do a lán daoine lasmuigh den Teach seo mar tá spéis agus meas ag muintir na hÉireann, den chuid is mó, ar na hiarsmaí agus ar an tseandálaíocht ársa atá againn sa tír seo, ní hamháin na rudaí atá san iarsmalann nó sa mhúsaem ach sa tírdhreach, san ailtireacht agus a leithéid atá le feiscint timpeall na tíre.

Chomh maith, tá a lán de sin nach bhfuil le feiscint timpeall na tíre. Tá 130,000 nó mar sin iarsmaí ann agus a lán acu, níl a fhios ag an bpobal fúthu. Tá an t-ádh linn faoi sin mar dá mbeadh a fhios acu b'fhéidir go mbeadh siad ag satailt ar an stair agus ar an tseandálaíocht sin i ngan fhios dóibh féin. Sa chuid is mó, tá tromlach na national monuments sa tír seo ar tailte príobháideacha agus tá ár mbuíochas mar Stát agus mar mhuintir ag dul dóibh siúd atá ag tabhairt aire agus cosanta do na hiarsmaí sin. Is reilig iad a lán acu nó b'fhéidir gur carraigeacha ogham nó rudaí dá shórt atá ann, atá leagtha amach agus atá i tailte. Tuigeann an feirmeoir, de ghnáth, cad go díreach an luach atá ann. Ní féidir luach airgeadais a chur ar a lán den stuif seo.

Seo ceann de na príomhfháthanna gur gá dúinn an reachtaíocht seo a bheith againn. Caithimid é a dhéanamh ionas go mbeadh muid i dtiúin le tíortha eile agus leis an reachtaíocht i dtíortha eile maidir leis an gcosaint ar ghá d'iarsmaí seandálaíochta nó ailtireachta agus gur gá dúinn stop a chur leo siúd atá ag déanamh dochair do na suíomhanna seo. Chonaic muid le tamall de bhlianta anuas go raibh daoine ag dul isteach agus ag déanamh graifítí ar chloiche nó a leithéid nó go mbíonn daoine, gan eolas, ag déanamh damáiste. Tharla briseadh cromleice i bPáirc an Fhionnuisce níos luaithe i mbliana, thíos in aice le Séipéal Iosóid, toisc go raibh an tarracóir ró-ghar don uaigh, cromleac nó marker de shórt éigin, rud a bhí ann breis is 3,000 nó 4,000 bliain ó shin. Aineolas a bhí ann go raibh duine le tarracóir in aice leis agus gur bhuail sé é agus ansin tá an damáiste déanta. Ní féidir é sin a dheisiú i gceart mar is cloiche móra millteacha atá ann.

Ní féidir linn ach oiread dul siar agus an stór stuif a goideadh ón Armada amach ó chósta Ciarraí a fháil ar ais. Nuair a bhí mise óg is cuimhin liom na daoine ag teacht leis na báid thapa agus ag dul amach. Bhí siad ag rá i gcónaí nach bhfuair siad aon rud ach bhí siad ann bliain i ndiadh bliana ag caitheamh airgid agus ba léir go raibh siad ag tógáil óir nó seaniarsmaí den Armada leo agus á ndíol ar an margadh lasmuigh. Bhí sé i gcoinne an dlí ansin ach beidh sé i bhfad Éireann níos measa dóibh amach anseo. Tá súil agam ní hamháin go mbeidh an reachtaíocht rite againn ach go mbeidh an Garda agus Óglaigh na hÉireann nó pé dream atá ag cosaint na hiarsmaí san fharraige páirteach, go mbeidh tuiscint acu agus go mbeidh maoin agus na háiseanna ar fad acu chun tabhairt fúthu siúd atá tar éis iarracht, thar na blianta, ár stair agus ár seandálaíocht a ghoid ó Éirinn.

Mar a dúirt mé, tá daoine ann atá ag triail an domhan a scrios. Agus mé ag póirseáil le déanaí tháinig mé ar seanleabhar beag, The National Monuments of Ireland. Foilsíodh é seo nuair a rugadh mise, in 1964. Tá liosta ann de na national monuments ar fad in Éirinn agus bhí 505 ceann ann ag an am sa Stát seo; bhí breis is 300 ó Thuaidh. Is léir ag an am go raibh meas ag daoine as seo agus gur thuig siad é agus tá i bhfad Éireann níos mó ann anois. Is cuimhin liom, nuair a bhíomar ag caint faoin reachtaíocht seo ag an staid réamhreachtaíochta de, go raibh ceist ann an féidir linn nó an gá dúinn liosta iomlán dóibh a leagan síos agus tuigim an dainséar atá ansin mar tá roinnt acu in áiteanna iargúlta nach bhfuil aon chosaint ann agus mar sin caithimid a bheith cúramach. Áfach, caithimid tuiscint a bheith againn go bhfuil siad ann mar níl an iniúchadh ceart déanta ar a lán de na suíomhanna seo agus ní bheidh mar níl an t-airgead againn mar Stát.

Tá an buntáiste againn go bhfuil an oiread sin stair againn, go bhfuil an oiread sin de seandálaíocht ann agus go bhfuil tuiscint agus meas, den chuid is mó, ag an bpobal ar an oidhreacht atá againn. Tá sé tábhachtach go leanfaimid ag cur leis an meas sin agus go leanfaimid ag cur leis an tuiscint atá ag an ngnáthphobal ar an tseandálaíocht, ar na suíomhanna seo agus ar an ailtireacht atá timpeall orainn. Ní ghá dúinn ach dul go dtí tíortha eile, áit nach raibh an meas acu uaireanta agus áit gur scriosadh an tseandálaíocht.Tharla a lán de sin sa tír seo chomh maith; ní ghá dúinn ach smaoineamh ar Frascati House nó Wood Quay, an Ché Adhmaid. Both of those were regrettably bulldozed. We cannot bring them back, which is the problem. It involves what happens when people who do not have the full appreciation of our heritage, archaeology or history that most of us have get to make decisions. This is why it is important we have the licensing regime here so that when monuments are identified or when there is any doubt, there is a very clear process in the future by which to approach anything of historical value. When in doubt, they have to ask so that you cannot bulldoze the O'Rahilly's house in Herbert Park, Archer's Garage or Wood Quay, which was one of the worst cases of civic vandalism that occurred in this city but has happened elsewhere. When the Minister of State announced we would have good news, I thought that he was going to compulsorily purchase Moore Street, but once again he is missing the boat. Hammerson is in dire straits.

What did the Government say it had last week? Was it an extra €8 billion or €9 billion? What is a few million euro to buy Moore Street and change the whole area into a proper national monument to show the working-class history of Dublin, the street traders and the connection with the revolution? We are missing the boat. Yes, I welcome the fact that a number of buildings have been retained by the State but we are falling way short, and I will continue to campaign for the entire terrace and a number of other associated buildings to be protected and revitalised in the way I have laid out in this House and elsewhere so that we can allow people to imagine a revolution that happened in 1916 and to imagine how the street traders plied their trade over the years. I welcome the news that there is a market on Moore Street as well as the existing market stallholders, who have stood the test of time despite the dereliction. If anybody is really interested in this Bill, I encourage them to look at the An Taisce presentation to the Oireachtas Committee on Tourism, Culture, Arts, Sport and Media when it carried out pre-legislative scrutiny.

It outlines quite well what the State is facing in trying to protect so many monuments together.

It is important that we are all on the same page. In 2001, the Heritage Council published Archaeological Features at Risk: A Survey measuring the Recent Destruction of Ireland’s Archaeological Heritage, which established that 34% of the State’s archaeological monuments had been destroyed since 1840. That is an absolute scandal. We need to be the generation that protects the rest of those monuments and make sure that people can enjoy them. We must also ensure that whatever archaeological finds are made, the museum is central to preserving them and that it is properly resourced to share them with the rest of us on this island and with the rest of the world.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.