Dáil debates
Tuesday, 18 April 2023
An tOrd Gnó - Order of Business
3:25 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Faraor géar, tá orm ceist an ionaid lae i gcroílár na Gaeltachta, in Áras Mhic Dara, a ardú arís. Tá sé arduithe agam cheana leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, leis an Aire agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is é croílár na ceiste ná go bhfuil an t-ionad lae seo dúnta le breis agus trí bliana anois, ó aimsir Covid. Is seirbhís bhunúsach í i lár na Gaeltachta. Fuair mé gealltanas ón Taoiseach agus ón Tánaiste go dtiocfaidís ar ais chugam. Fuair mé gealltanas ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeadh sé oscailte ag tús na míosa seo. Faraor, tá sé fós dúnta.
No comments