Dáil debates

Wednesday, 29 March 2023

Education and the School Building Programme: Motion [Private Members]

 

3:57 pm

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí as an méid a chuir siad leis an díospóireacht seo. Ba mhaith liom a chur ina luí ar na Teachtaí go bhfuil an Rialtas ag infheistiú leibhéil maoinithe nach bhfacthas riamh roimhe seo san oideachas agus i bhfoirgnimh scoile, agus go bhfuil clár oibre an-uaillmhianach ar bun a dhéileálfaidh le go leor de na saincheisteanna a ardaíodh sa rún. Ardaíodh ceisteanna tábhachtacha inniu.

Mar Rialtas, aithnímid go hiomlán an tábhacht a bhaineann le córas oideachais uilechuimsitheach ina bhfuil rochtain ag gach páiste ar eispéireas oideachais atá oiriúnach dá riachtanais agus a thacaíonn lena bhforbairt acadúil agus phearsanta araon. Tá an Roinn Oideachais ar an eolas faoi na saincheisteanna a bhfuil taithí orthu ar fud chóras na scoile agus tá sí ag obair go gníomhach chun dul i ngleic leo go léir.

Tá cuntas teiste láidir ag an Roinn maidir le tionscadail tógála scoile a chur i gcrích. Faoi Thionscadal Éireann 2040, tá €4.4 bhilliún á infheistiú againn sa tréimhse 2021 go 2025, chun acmhainn a chur leis agus áiseanna scoile a fhorbairt agus a uasghrádú ar fud na tíre. Cuireadh níos mó ná 180 tionscadal tógála scoile ar fáil le linn 2022 i ngach dáilcheantar ar fud na tíre.

I measc na mbrúnna ar chlár caipitil na Roinne tá soláthar cóiríochta do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, chomh maith le líon mór daltaí ón Úcráin agus faoi chosaint idirnáisiúnta, chomh maith le brú leanúnach boilscithe. Tá sé sin luaite ag na Teachtaí agus tá sé ar eolas agam i gContae na Mí.

Tá iarracht déanta ag an Roinn pobail scoile ábhartha a chur ar a suaimhneas go ndéanfar tionscadail tógála scoile atá ar feitheamh faoi láthair a chur chun cinn agus a sheachadadh a luaithe is féidir. Tá sé mar aidhm ag beartas an Rialtais maidir le tacaíocht a thabhairt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach leanbh a bhfuil riachtanais speisialta acu ar oideachas atá oiriúnach dá riachtanais. Is príomhréimse tosaíochta don Rialtas seo é soláthar oideachais speisialta, agus beidh sé seo amhlaidh freisin amach anseo.

Geallann clár an Rialtais athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim iompair scoile agus tá athbhreithniú mór ar siúl. Táthar ag súil go gcríochnófar na céimeanna deiridh den athbhreithniú seo go luath le moltaí maidir le feidhmiú scéim iompair scoile na Roinne amach anseo.

Tá an Rialtas ag comhlíonadh a thiomantais freisin chun méideanna ranga a laghdú, le cóimheas múinteoirí daltaí ag leibhéal íseal stairiúil i mbliana ag 23:1 sa bhunscoil, agus táthar ag súil le tuilleadh laghduithe an bhliain seo chugainn.

Leanann Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag obair go dian chun próiseas na scrúduithe a ullmhú don ardteistiméireacht 2023. Tá aghaidh á tabhairt ar fhachtóirí a raibh tionchar acu ar uainiú thorthaí scrúduithe Stát in 2022 mar chuid den phleanáil do 2023. Tá an Rialtas tiomanta do chinntiú go bhfreastalaíonn an ardteistiméireacht ar riachtanais dhaltaí na hÉireann, agus tá clár oibre uaillmhianach ar siúl le haghaidh sraith shinsearach athshamhlaithe ina bhfuil an scoláire i gcroílár a dtaithí sa tsraith shinsearach.

Is é cuspóir an Rialtais 400 scoil ilchreidmheach ar a laghad a bheith sa chóras bunscoile faoi 2030 chun rogha tuismitheoirí a fheabhsú. Tá dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas i dtreo líon na scoileanna ilchreidmheacha a mhéadú.

Tá sé i gceist againn athbhreithniú a dhéanamh ar an bhforáil a ligeann do scoileanna, más mian leo, an nasc atá ag dalta le scoil a chur san áireamh de bhua gur fhreastail tuismitheoir nó seantuismitheoir ar an scoil roimhe sin agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le hiarratas ar ligean isteach sa scoil sin.

Beidh bunú an tionóil saoránach maidir le todhchaí an oideachais ina ábhar do chinneadh Rialtais agus do rúin ón Dáil agus ón Seanad ag an am cuí, agus tá oifigigh na Roinne ag féachaint ar an mbealach is fearr le hionchur cuí a dhéanamh sa phróiseas réamhthionóil.

Gabhaim buíochas leis na Teachtaí as na ceisteanna a ardaigh siad agus le Páirtí an Lucht Oibre as an rún. Tugann sé deis dúinne chun cur síos a dhéanamh ar thiomantas an Rialtais córas oideachais den chaighdeán is airde a chur i gcrích – tá sé sin mar chuspóir ag gach duine sa Teach - agus an áit a bhfuil gach leanbh agus duine óg ag tacú go gníomhach lena gcumas iomlán a bhaint amach.

It is important we acknowledge the great progress made on school buildings across the country in every constituency, as Deputies have done. Everybody can see the benefits. We all have cases of difficulty in our constituencies. I assure the House that the Department is fully aware of schools that are in the circumstances in question. We have heard from the Minister, Deputy Foley, and the Taoiseach that they expect this matter to be resolved in short order. I hope that will happen and that we will see the projects come to a conclusion. I hope we will have suitable accommodation for every student, particularly those with special needs, but recognising the pressures on the education budget at present. It is important to do that. In fairness, the Deputies have acknowledged that. We are all working together to get the best possible education facilities.

Various points have been raised by individual schools and I am aware officials are taking good notes about them. Deputy Catherine Murphy raised an issue that also concerns my local area, the issue at Millerstown, Kilcock. I will certainly put education provision in that area on my agenda. The circumstances obtain throughout the country, not just in certain constituencies.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.