Dáil debates
Tuesday, 21 February 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Gníomhú ar son na hAeráide
9:40 pm
Mairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cathasaigh as an ábhar seo a ardú. Tá rud amháin a chaithfidh mé a rá. Nuair atá mise ag déileáil leis na hoileáin agus cúrsaí tithíochta sna hoileáin, tá sé dochreidte cé chomh dona is atá sé faoi láthair, ach go háirithe i dtéarmaí cúrsaí pleanála. Is minic a fheicim ar na hoileáin go ndeirtear linn nach bhfuil daoine in ann pleanáil a fháil mar nach bhfuil nasc acu leis an áit, cé go bhfuil siad ina gcónaí ann an t-am ar fad agus ag obair ann. Tá fadhb mhór againn. Ansin tá na tithe folmha atá ar na hoileáin mar go bhfuil daoine ina gcónaí thar lear. Is leo na tithe seo agus níl na daoine áitiúla in ann teacht ar thithíocht. Is fadhb atá i gcúrsaí tithíochta ar na hoileáin freisin.
No comments