Dáil debates
Tuesday, 21 February 2023
Ceisteanna Eile - Other Questions
Gníomhú ar son na hAeráide
9:30 pm
Marc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Aontaím go bhfuil deis ollmhór i gceantair Ghaeltachta ó thaobh fuinnimh in-athnuaite ach tá a fhios againn go léir go mbeidh an próiseas dícharbónaithe níos dúshlánaí ar cheantair áirithe. Ag féachaint ar na ceantair Ghaeltachta, mar gheall ar nádúr scaipthe na tithíochta atá ann, beidh dúshlán faoi leith ag baint le dícharbónú córas iompair. Tá dea-shampla againn i nGaeltacht na nDéise sa Local Link atá ann. Tá seirbhís beagnach gach uair an chloig ansin. Ar na hoileáin, is bac ollmhór atá ann ó thaobh an dícharbónaithe ná an costas breise a bhaineann le tithe ar na hoileáin a iarfheistiú. Bhí an Teachta Christopher O'Sullivan ann nuair a bhí muintir na n-oileán istigh linn san audiovisual room le déanaí. Tá costas breise ag baint leis an rud sin ar na hoileáin. Conas a rachaimid i ngleic leis an gcostas sin?
No comments