Dáil debates

Thursday, 15 December 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Offshore Islands

10:09 am

Photo of Mairéad FarrellMairéad Farrell (Galway West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Deir an tAire gur éist sí le muintir na n-oileán agus tuigim go raibh sí i dteagmháil leo. An rud atá siad ag rá linne, go soiléir agus le tamall fada anois, ná go dteastaíonn LAG uathu féin. Ní hamháin go ndeir siad siúd é ach tá na grúpaí atá ag dáileadh amach LEADER faoi láthair ag rá go bhfuil siad sásta an obair sin a thabhairt go LAG ar leith do na hoileáin. Mar shampla, tá go leor obair shéasúrach i gceist ar na hoileáin agus tá sé an-deacair do dhaoine 50% de mhaoiniú a mheaitseáil. Níl an bealach atá LEADER á dháileadh amach ar an mórthír réalaíoch do na hoileáin. Sin fadhb ollmhór.

I understand the Minister has engaged with the islands and nobody is saying she is not doing so. However, the reality is the island communities are saying they need extra support and their own specific local action group, LAG.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.