Dáil debates

Wednesday, 30 November 2022

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Report and Final Stages

 

5:47 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Rinne mé dearmad comhghairdeas a dhéanamh le Siún Ní Raghallaigh as an ardú céime nó an post nua. Níl a fhios agam an ardú céime é ach tá súil agam go mbeidh ról mór millteach aici sna meáin. Tá a fhios agam go bhfuil sí tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil sin tábhachtach. Ní shin an cás a bhí ann thar na blianta ar bhoird Stáit dhifriúla timpeall na tíre. Sin an fáth leis an leasú seo. Ní ag caitheamh anuas ar aon duine atá i phost faoi láthair nó roimhe seo atá i gceist leis seo. Níltear ach ag déanamh cinnte de, nuair a thagann athruithe amach anseo, go mbeadh muid cinnte go mbeadh an cathaoirleach líofa sa Ghaeilge nó inniúil ar aon chaoi; go mbeadh an coimisiún timpeall orthu; agus go mbeadh an Ghaeilge le tuiscint acu siúd a bhíonn ag obair ann. Gan an tuiscint sin bíonn sé i bhfad Éireann níos deacra déanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge i lár an phoirt nuair a bhíonn céimeanna á nglacadh ag an gcoimisiún, nuair a bhíonn tuairimí á roinnt nó nuair a bhíonn moltaí á ndéanamh. Sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh iarracht sa chás seo déanamh cinnte de go mbíonn an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i lár an aonaigh maidir leis na meáin. Ba chóir go mbeadh seo mar cheann de na gnéithe a mholtar maidir leo siúd a roghnófar amach anseo. Chuala mé go bhfágtar an Ghaeilge go dtí an próiseas roghnúcháin. Ní leor sin. Ba chóir go mbeadh sé leagtha síos i bhfad Éireann níos luaithe agus ba chóir go mbeadh an Ghaeilge chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.