Dáil debates

Wednesday, 30 November 2022

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Report and Final Stages

 

5:27 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 11:

In page 19, line 21, after “traditions,” to insert the following:
“in particular, the duty not only to satisfy existing demand but to stimulate increased demand for Irish language programming and content, in line with the national aim of restoring the Irish language as a spoken language nationwide,”.

Táim ag cur grúpa leasuithe chun tosaigh ag tosú le leasú Uimh. 11. Baineann an leasú seo le ceist chur chun cinn na Gaeilge sna meáin agus ról ceart a thabhairt don choimisiún. Táimid ag díriú isteach ar shraith mhór leasuithe. Is mór an trua é gur dhiúltaigh an tAire, i ngach uile chás, an Ghaeilge a chur cinn sna meáin nuair a bhí na leasuithe seo os comhair an choiste ní rófhada ó shin. Bhí sí den mheon go raibh roinnt acu unnecessarily restrictive. Ba é an rud a bhí i gceist againn ná cinntiú go mbeadh na daoine a bheidh i gceannas ar na meáin Ghaeilge in ann an Ghaeilge a labhairt. Ní fheicim conas a bheadh sé sin ródheacair a thuiscint. Ní raibh an tAire sásta fiú a rá sa Bhille gur chóir don choimisiún aird a thabhairt dá chuid polasaithe féin maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht.

Maidir le leasú Uimh. 12, ní bhfuair mé freagra maidir leis an bhfáth a tharla sé sin sa choiste. Ní raibh an tAire sásta go mbeadh an Ghaeilge san áireamh i ráiteas straitéiseach ach oiread. Is rud simplí é sin a mbeidh gá leis amach anseo. Ba é an freagra a tháinig ar ais chugainn arís agus arís eile sa díospóireacht ar na ceisteanna seo ná gurb é an fáth ar diúltaíodh glacadh le haon leasú lena lorg muid tuarascáil ón gcoimisiún nua ná go bhfuil athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sna meáin molta ag coimisiún eile, coimisiún nach ann dó níos mó, agus go dtabharfaidh an coimisiún faoi seo ag am éigin amach anseo. Bhí muid ag triail a dhéanamh cinnte de go mbeadh sé sin mar cheann de na chéad dualgais a bheidh ag coimisiún na meán agus go dtuigfeadh an coimisiún go mbeadh air aird a bheith aige ar a dhualgais atá air maidir leis an nGaeilge a chur chun cinn, go háirithe ó thaobh na meán Gaeilge, thar an tréimhse ina mbeidh sé ag obair. Mar sin, cén fáth nach bhfuil fiú tagairt don athbhreithniú cuimsitheach seo sa Bhille? Luadh nach raibh gá leis an leasú toisc go bhfuil an t-athbhreithniú ag tarlú. Tá sé tarlaithe ach níl sé le feiscint ina iomláine sa Bhille seo.

An mbeadh cumhacht ag an Aire athbhreithniú a lorg ón gcoimisiún amach anseo fiú? Beidh an coimisiún neamhspleách. Is féidir linn athbhreithniú a lua ach ní féidir déanamh cinnte de go dtarlóidh sé sin toisc go bhfuil coimisiún na meán neamhspleách. Má tá eagras neamhspleách, ní féidir le hAire ach treoir a thabhairt dó. Ní féidir leis nó léi dualgas a chur air é sin a dhéanamh. B'fhéidir gur féidir an t-airgead atá ar fáil don eagras a tharraingt siar nó ainmniúcháin a bhaint ó bhaill an bhoird ach tá sé sin deacair agus is é sin an fáth gur chóir go mbeidh na spriocanna agus na róil iomlána a leagtha síos i dtús báire.

Chinnteodh leasú Uimh. 13 go mbeidh athbhreithniú straitéiseach ar an nGaeilge sna meáin. Má tá an tAire dáiríre faoin athbhreithniú ar an nGaeilge sna meáin, ba chóir di tacaíocht a thabhairt don leasú seo ach go háirithe.

Má ghlactar le leasuithe Uimh. 28 agus 29, beidh coiste bunaithe ar a mbeidh daoine le Gaeilge amháin chun tabhairt faoin obair seo. Tá gá ann go dtuigfidh an coimisiún cad atá ag teastáil ag daoine faoi mhíchumas, Gaeilgeoirí faoi mhíchumas san áireamh, nuair atá codanna nua a chur le chéile aige. Ba chóir nach mbeadh fotheidil i mBéarla amháin. Tá tráchtaireacht fuaime ag teastáil sa dá theanga oifigiúil. Is é sin an tuiscint a dtagann ón moladh atá againn i leasuithe Uimh. 65 agus 67. Tá gá le leasuithe eile chun an ceart an Ghaeilge a úsáid ar líne a chinntiú. Is é sin an fáth go bhfuil leasú Uimh. 81 ann. Dúirt an tAire ar Chéim an Choiste go mbeadh sé unfair to single out any language nuair a bhí sí ag cur i gcoinne an leasú sin. I am not singling out any language. Táim ag cur chun cinn an teanga náisiúnta, ceann den dá theanga oifigiúil.

Tá dualgas ar leith ar an Rialtas agus ar Aire, mar an Aire atá freagrach as an nGaeltacht agus as an nGaeilge, an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agus a chur chun cinn. Tá leithcheal á dhéanamh ar pobal labhartha na Gaeilge agus na meáin Gaeilge in Éirinn, agus is faoin Aire atá sé é sin a chur i gceart. Sin iarracht dul tríd na leasuithe sin chomh gasta agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.