Dáil debates

Wednesday, 30 November 2022

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Report and Final Stages

 

5:17 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tairgim leasú Uimh. 2:

In page 8, line 14, to delete “Commission” and substitute “Coimisiún”.

Baineann na leasuithe seo leis an díospóireacht a bhí againn ar Chéim an Choiste mar gheall ar úsáid na bhfocal "Coimisiún" agus "Coimisinéir" in ionad "Commission" agus "Commissioner". Ní gá dom athrá a dhéanamh ar na hargóintí ar fad a rinneamar ar Chéim an Choiste. Dhein comhghleacaí liom é sin sa Seanad. Fuair mé litir ón Aire ar an 16 Samhain ina léirítear go n-aontaíonn sí liom go bhfuil an ceart againn sa leasú ach nach bhfuil sí sásta glacadh leis ag an staid seo. Thógfadh sé an iomarca ama agus chuirfeadh sé an iomarca stró ar an Aire nó ar na daoine atá ag déileáil leis an reachtaíocht seo control agus F a bhrú chun teacht ar gach uile áit ina dtagann na focail "Commission" nó "Commissioner" chun cinn sa reachtaíocht. Is é an fáth nár mhol mé leasú ar an 350 áit ina luaitear ceachtar den dá rud sa Bhille ná nach raibh mé sásta 350 leasú a mholadh. Ar Chéim an Choiste, dhein mé iarracht leasú a mholadh a d'athródh na focail seo gach uair a úsáidtear iad sa Bhille ach d'inis Oifig na mBillí liom go gcaithfear leasú a mholadh i leith gach uile áit ina dtagann siad chun cinn. Tá sé sin beagáinín seafóideach ach mhol mé na leasuithe seo arís chun an gá le smaoineamh air seo nuair atá an reachtaíocht á scríobh sa chéad dul síos a léiriú.

Ba chóir do na daoine atá ag obair ar an mBille seo a thuiscint gur gá an fhoclaíocht Ghaeilge a úsáid nuair atá coimisiún na meán á bhunú. Tá sé ait go bhfuil muid ag caint faoi "commission" agus "commissioner" tríd an reachtaíocht ar fad. Is rud praiticiúil é. Níl mé chun moill a chur ar an gCéim seo ach ba chóir go dtuigeann muid agus na daoine a bheidh ar an gcoimisiún seo gurb é sin an teideal atá ar an gcoimisiún agus nach dtarlóidh Béarlú air amach anseo. Ba chóir go dtuigeann ní hamháin na coimisinéirí féin agus muidne atá ag déileáil leis an reachtaíocht, ach na meáin féin, nuair atá siad ag trácht ar obair an choimisiúin seo amach anseo, gur chóir an teideal Gaeilge, atá anois sa dlí de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a ritheadh sa Teach seo anuraidh, a úsáid. Ní gá dom níos mó moille a chur ar chúrsaí. Níl ach dhá leasú anseo in ainneoin go luaitear na focail seo 350 uair. Níor mhol mé 350 leasú toisc go bhfuil meas éigin agam ar Thithe an Oireachtais agus ar an bhfoireann bhocht in Oifig na mBillí a oibríonn faoi a lán stró.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.