Dáil debates
Wednesday, 9 November 2022
Personal Injuries Resolution Board Bill 2022: Report and Final Stages
6:42 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an leasú seo tábhachtach agus loighciúil mar tá sé déanamh leathnú ar an gcosaint atá ag idirghabhálaithe maidir leis an obair atá á ndéanamh acu sna cásanna seo. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an indemnity seo atá á ofráil ag clúdach oibre agus go bhfuil an obair sin déanta i gceart. Is é ceann de na fadhbanna is mó ná ceann maidir le hobair na n-idirghabhálaithe a bheith carried out in a professional manner. It is important that any work by mediators is i gceart agus thar ceann an Stáit. Caithfimid smaoineamh faoin bhfáth a bhfuil sé seo ag tarlú chun déanamh cinnte de go bhfuil cosaint dóibh siúd atá gortaithe agus don Stát, go bhfuil gach rud i gceart agus féaráilte agus nach bhfuil botún á dhéanamh as a dtarlaíonn cásanna cúirte, mar a atá feicthe againn thar na blianta. Ba cheart go mbeadh rudaí i gceart. Is céim loighciúil atá i gceist anseo le go mbeidh an tAire Stáit ag leanúint an méid atá ag tarlú agus atá sa reachtaíocht reatha agus reachtaíocht roimhe seo.
No comments