Dáil debates
Wednesday, 9 November 2022
National Cultural Institutions (National Concert Hall) (Amendment) Bill 2022: Report and Final Stages
6:37 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an Bille seo tábhachtach agus thar am, agus nílim chun moill a chur air. Is ábhar loighciúil é. Is trua go raibh orainn dul trí choiste agus gach rud eile chun teacht anseo. Ba chóir go mbeadh sé seo críochnaithe tamall de mhíonna ó shin. Is éard atá i gceist leis an mBille ná a chinntiú go mbeidh an National Concert Hall agus gach rud a bhaineann leis an RTÉ National Symphony Orchestra ar bhonn reachtúil agus go mbeidh an t-airgead cuí curtha ar leataobh maidir le hárachas a tugadh ar iasacht do na hhinstitiúidí náisiúnta. Tá athrú ag teacht ar an méid árachais a bheidh ar leataobh.
No comments