Dáil debates

Thursday, 29 September 2022

Financial Resolutions 2022 - Financial Resolution No. 6: General (Resumed)

 

3:05 pm

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Níl aon dabht ach go dtarlaíonn an cháinaisnéis seo i gcomhthéacs idirnáisiúnta atá thar a bheith dúshlánach. Chuir cogadh mídhleathach na Rúise san Úcráin ardú ar phraghas an fhuinnimh ar fud na hEorpa agus ar phraghas an bhia ar fud an domhain, agus sa domhan i mbéal forbartha go háirithe. Níl aon amhras orm ach gur iarracht d'aon ghnó í seo chun daonlathais an iarthair a dhíchobhsú agus chun deighilt a chruthú inár dtacaíocht don Úcráin. Tá bia agus fuinneamh á n-úsáid mar airm chogaidh.

Is é an cháinaisnéis seo, go mór mór, freagairt an Rialtais ar an ngéarchéim idirnáisiúnta seo. Is pacáiste suntasach é, a dúradh ar fad atá os cionn €11 billiún. Is cáinaisnéis fhorchéimnitheach é, rud atá thar a bheith tábhachtach domsa. Is iad na daoine sin ar ioncam níos ísle ná ioncam seasta acu a gheobhaidh an tairbhe is mó sa cháinaisnéis seo. Luíonn méaduithe ginearálta leasa sóisialta, taobh le híocaíochtaí spriocdhírithe bónais, chun cabhrú leis na daoine is lú saibhre inár sochaí a chosaint. Go háirithe, fáiltím roimh na harduithe ar na tairseacha don íocaíocht teaghlaigh atá ag obair, a sholáthróidh tacaíocht do theaghlaigh a bhíonn go minic lasmuigh dár gcóras cosanta sóisialta.

Tá roinnt fógraí sa cháinaisnéis seo a bhfuil fáilte mhór rompu maidir le maoiniú na Gaeilge. Ar ndóigh, tá bunú cainéal teilifíse Gaeilge nua dírithe ar pháistí, Cúla4, ina measc siúd. Tacaíocht fhíorluachmhar a bheidh anseo do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Cruthóidh sé sin fostaíocht d’ardchaighdeán inár gceantair Ghaeltachta, díreach mar atá déanta ag TG4.

Ach caithfimid infheistíocht a fheiceáil go fóill i dtithíocht inacmhainne sna ceantair Ghaeltachta. Ní féidir le Gaeltacht ar bith maireachtáil mura bhfuil sé d’acmhainn ag a cainteoirí dúchais cónaí ann. Tá obair thábhachtach déanta ag Comhlucht Forbartha na nDéise chun an talamh a réiteach dó seo agus tá a fhios agam go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag tacú freisin. Caithfimid bogadh ar aghaidh leis seo chun tithíocht a chur ar fáil inár gceantair Ghaeltachta do pobal na Gaeilge ar chostas réasúnta.

Deirtear, mol an óige agus tiocfaidh sí. Tá go leor sa cháinaisnéis seo do dhaoine óga agus dá dtuismitheoirí. Molaim go háirithe mo chomhghleacaí den Chomhaontas Glas, an tAire, Teachta Roderic O’Gorman, as an méid a bhain sé amach chun costais cúram leanaí a laghdú suas le 25%. Is leasú bunúsach é seo ar an gcaoi a idirghníomhaíonn an Stát lenár gcóras cúram leanaí, a ghlac freagracht níos mó as an soláthar. Tá a fhios agam go bhfuil sé ar intinn ag an Aire leanúint leis an obair seo isteach i gcáinaisnéis na bliana seo chugainn.

Mar an gcéanna, is mar idirghabháil costais mhaireachtála go mbeidh leabhair scoile a dhéanamh saor in aisce ag leibhéal na bunscoile, ach is athrú struchtúrach é seo freisin maidir le freagracht níos mó a ghlacadh ag an Stát as costais an oideachais.

Mar Theachta den Chomhaontas Glas, agus mar iarmhúinteoir bunscoile, tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil painéil ghréine do scoileanna á bhfógairt, rud a laghdóidh billí fuinnimh do scoileanna agus, go deimhin, a chruthóidh sruth ioncaim do bhoird bhainistíochta a rachaidh i dtreo acmhainní oideachais, geansaithe peile, uirlisí ceoil do pháistí, agus mar sin de.

Mar a dúirt mé níos luaithe, bhí tionchar idirnáisiúnta ag an gcoimhlint san Úcráin, agus tá na tionchair is measa á mbrath sa domhan i mbéal forbartha, agus san Afraic, go háirithe. Tá praghsanna bia atá ag dul i méid ag cur le fadhbanna athraithe san aeráid agus ag brú na milliúin daoine in oirthear na hAfraice go dtí an gorta. Táim bródúil go bhfuil an Rialtas seo ag iarraidh sa bhuiséad seo ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, ag leanúint lenár infheistíocht i gCúnamh Forbartha Thar Lear agus ag cur leis. Ní leor é go fóill, agus ba cheart d’Éirinn leanúint dá glór a úsáid sa phobal idirnáisiúnta chun an tsaoráid caillteanais agus damáiste a bhrú agus a bhrú, go háirithe ag COP27, ach is céim sa treo ceart í.

Mar sin, mar fhocal scoir, is é seo an tríú cáinaisnéis ag an Rialtas seo. Bhí tionchar ag dúshláin ollmhóra idirnáisiúnta ar gach ceann acu, Covid-19 ar an gcéad dul síos, anois ag an gcogadh san oirthear. Táim bródúil as an obair atá déanta againn i ngach ceann acu chun na daoine is leochailí a chosaint ar dhúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Gabhaim buíochas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.