Dáil debates

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna Eile - Other Questions

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

11:10 am

Photo of Jack ChambersJack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Aistríodh feidhmeanna Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge ar 1 Eanáir 2008. Clár na leabhar Gaeilge a tugadh feasta ar an scéim a riartar faoi scáth Fhoras na Gaeilge, scéim a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, d'fhoilsitheoirí agus do phobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne. Cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge gach bliain, faoina bhfeidhmítear na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas. Is iad: scéim na foilsitheoireachta; scéim na dtionscadal litríochta; scéim na gcoimisiún; an scéim meantóireachta; agus scríobh leabhar, scéim chun deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta tri Ghaeilge a chothú do pháistí scoile.

Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair. Mar aitheantas ar na dúshláin sin, chuir mé maoiniú breise aon-uaire de €300,000 ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge ag deireadh 2021 le dáileadh ar scéim na foilsitheoireachta agus an scéim meantóireachta de chuid chlár na leabhar Gaeilge. D'fhág sé sin go raibh buiséad iomlán €1.36 milliún ar fáil don chlár i mbliana, thart ar an leibhéal ag a raibh sé i 2011. Idir an dá linn, tá tuilleadh plé déanta ag feidhmeannaigh mo Roinne agus feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge ar an ábhar agus ar na roghanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge.

Mar thoradh ar an bplé sin, d'éirigh liom an chéad ardú le seacht mbliana anuas a chur ar bhuiséad bhonnlíne chlár na leabhar Gaeilge mar chuid de cháinaisnéis 2023, a fógraíodh Dé Máirt. Cé go bhfuil na mionsonraí le hoibriú amach go fóill, ciallaíonn sé seo go mbeidh thart ar €300,000 breise ar fáil i mbuiséad bhonnlíne chlár na leabhar Gaeilge an bhliain seo chugainn. Leanfaidh feidhmeannaigh mo Roinne na cainteanna le Foras na Gaeilge sna míonna amach romhainn agus féachfar ar an bhfhéidearthacht le maoiniú breise aon-uaire a chur ar fáil i dtreo infheistíochta san earnáil, go háirithe mar a bhaineann leis na córais díolacháin agus dáileacháin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.