Dáil debates

Thursday, 22 September 2022

Tailte Éireann Bill 2022: Second Stage

 

3:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cosúil leis na Teachtaí eile atá tar éis labhairt, fáiltím roimh an mBille seo. Tá sé go maith go bhfuil, sa deireadh thiar thall, one-stop shop ag tarlú. Sin ceann de na rudaí a bhí an Teachta romham ag lorg - go mbeadh na seirbhísí ar fad atá á gceangal le chéile ar fáil in ionad amháin. B’fhéidir gur suíomh Idirlín a bheidh ann. Tá loighic leis an gcumasc seo ó thaobh Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, an Coimisinéir Luachála agus an tÚdarás Clárúcháin Maoine ag teacht le chéile. An Bord Snip - Colm McCarthy agus iadsan - a tháinig suas leis an tuairim seo ar dtús ach ní gá gur droch-smaoineamh é toisc gur tháinig siad suas leis. Sa chás seo, b’fhéidir gurb é ceann de na t-aon smaointe a bhí aige a sheas an fód agus a bhí go maith.

Bhí coimisiún eile a bhí gafa suas sa Bhord Snip agus is trua nach bhfuil sé ann níos mó mar bheadh sé loighciúil é a tharraingt isteach sa chomhrá seo, sé sin, Coimisiún na Logainmneacha. Tá coiste ann go fóill agus b’fhiú féachaint ar conas gur féidir leis an gcoimisiún nua seo, Tailte Éireann, ceangal níos fearr a bheith aige leis an gcoiste sin. B’fhéidir amach anseo go ndéanfaidh rialtas éigin coimisiún a hathbhunú do na logainmneacha, mar tá ceangal an-lárnach idir logainmneacha na hÉireann agus an tsuirbhéireacht ordanáis atá á dhéanamh agus a bhí á dhéanamh thar na blianta. Tá tuiscint i bhfad Éireann níos fearr ann nuair atá tú ag féachaint ar thailte anois agus ag tabhairt ainmneacha d’eastáit nó bóithre nua, áit a raibh na hainmneacha sin ann cheana féin. Uaireanta táimid tar éis dearmad a dhéanamh orthu agus ní gá dúinn ach féachaint siar. Tóg mar shampla Manorhamilton, nó Cluainín Uí Ruairc. Níl ceangal ar bith idir an dá logainm ach ba le clann Uí Ruairc an ceantar sular tháinig Sir Frederick Hamilton isteach agus thosaigh sé ag crochadh gach duine sa cheantar agus ag tógáil a chaisleán. Tá sé ait fós go bhfuil an baile ainmnithe ina dhiaidh toisc an méid a rinne sé sa cheantar sin agus nach bhfuil gnáthphobal na hÉireann tar éis casadh ar an mbunainm a bhí ann. Sin scéal eile.

Tá go leor daoine tar éis féachaint ar an dráma cáiliúil sin Translationsle Brian Friel. Bhí tuiscint ansin ar an tsuirbhé a bhí á dhéanamh ag na Sasanaigh ag an am. Tháinig suirbhé eile ina dhiaidh agus an luacháil a rinne Richard Griffith ina dhiaidh sin in 1848. Lean sé ar aghaidh ar feadh 20 bliain nó mar sin, áit a raibh luacháil á dhéanamh ar na tailte. Ní dhéanann sé mórán de dhifríocht sa chathair nó i mBaile Átha Cliath mar tá rudaí eile a tharla ó shin ach thíos faoin tír is minic go bhfuil tú ag dul ar ais ag an mbundoiciméad. Amanna ba iad siúd na bundoiciméid nó na taifid ina raibh sé leagtha síos cé leis cén talamh agus bhí siad cruinn ag an am. Tá obair déanta ag an PRA agus iadsan thar na blianta ag déanamh cinnte de go bhfuil gach rud in áit amháin agus go bhfuil digitiú á dhéanamh air. Níl sé iomlán ach tá sé ag tarlú. Uaireanta nuair a dhéanann tú comparáid idir dhá dhoiciméad stairiúil, agus fiú roinnt de na cinn nua, feictear roinnt de na botúin agus áiteanna atá coimhlint. Don chuid is mó, nílimid ag dul ar ais go dtí "The Field" le troideanna idir dhá úinéir talaimh ach bíonn sé ann anois agus arís. Bíonn coimhlintí ann maidir le cé leis an talamh. Uaireanta níl na dintiúir cruinn ó thaobh an talaimh de agus an teorainn idir dhá phíosa talaimh.

Caithfimid déanamh cinnte de, agus muid ag dul isteach sa nua-aois, go bhfuil go leor airgid agus infheistiú curtha isteach sa dream nua seo, Tailte Éireann. Ní hamháin go bhfuilimid ag tarraingt trí dhream le chéile ach caithfimid cinntiú go bhfuil maoiniú agus infheistíocht acu chun gur féidir leo déanamh cinnte de go bhfuil an obair atá á dhéanamh den scoth agus in oiriúint don aois atá againn anois. Ní féidir le daoine glacadh le moill nuair atá siad ag díol nó ag ceannach tithe nó nuair atá siad á gcur amach ar cíos. Caithfidh gach rud a bheith i gceart. Má tá aon mhoill ann, go háirithe i dtréimhse cosúil leis an gceann atá againn faoi láthair agus praghsanna ag dul suas agus suas, d’fhéadfadh difríocht ollmhór a bheith idir an bunphraghas a bhí á phlé agus an praghas nuair atá an ceannach nó an díol sin críochnaithe. D’fhéadfadh moill de chúpla mí nó sé mhí a bheith ann. Uaireanta tarlaíonn fadhbanna dá thairbhe, go háirithe má tá daoine ag brath ar mhorgáiste agus níl acu ach sé mhí chun an morgáiste sin a tharraingt síos sular gá dóibh dul ar ais ag an mbanc. Tá ceangal san obair seo agus caithfimid a chinntiú go bhfuil an t-eolas, na háiseanna agus an fhoireann ag Tailte Éireann chun an obair sin a dhéanamh.

Agus mé ag caint ar fhoirne, tá sé luaite in Ailt 35 go 37, go huile, maidir leis na fostaithe a bheidh ag Tailte Éireann. Tá fostaithe trí eagras ag teacht isteach le chéile. Tá sé go maith go bhfuil sé liostáilte go soiléir ansin nach mbeidh aon athrú coinníollacha ann agus go bhfuil cosaint acu dá réir. Bíonn sé sin tábhachtach i gcónaí nach mbeadh aon dabht ar aon duine nó nach mbeadh aon athrú ag tarlú d’aon duine atá ar pinsean. Tá na coinníollacha ceannann céanna ann. Glacaim leis, dar ndóigh, go mbeidh na coinníollacha is fearr ag aon duine atá ag teacht isteach amach anseo seachas na coinníollacha is measa maidir leis na foirne atá ann agus go mbeidh sé comhionann le haon choinníoll atá in aon chuid eile den státseirbhís. Ní fheicim go mbeidh na ceardchumainn tar éis glacadh le haon rud eile. Tá sé go maith go bhfuil sé sin soiléir anseo.

Tá a lán eolais ag na trí dhream atá luaite anseo, is iad sin an Coimisiún Luachála, an tÚdarás Clárúcháin Maoine agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann. Tá gá go mbeidh an t-eolas sin ar fad le fáil ar líne go poiblí nó go gcuirfimid a oiread eolais agus is féidir ar fáil. Tá obair mhór déanta ag an tSuirbhéireacht Ordanáis Éireann, fiú ó thaobh na pictiúir atá á nglacadh aici ón aer agus an stuif a dhéanann sí. Feictear seanchuid dár stair nó iarsma seandálaíochta. Cuireann an obair sin lenár n-oidhreacht ach cuireann sé chomh maith, go minic, le teorainneacha. Feictear áit a raibh ina seanbhaile nó seanchlaí nach bhfuil ann a thuilleadh. B’fhéidir nach bhfuil sé sin curtha síos i gceart ar na léarscáileanna atá ag gabháil le dintiúir thí. Tá sé soiléir ón aer áfach gurb é sin an treo a bhfuil an teorainn nó páirt nó dhó den teorainn.

Is minic go mbíonn sé mar an gcéanna nuair atáthar ag féachaint ar áit a bhfuil athrú tar éis teacht ar theach thar na blianta. B’fhéidir go bhfuil athrú tagtha ar bhalla idir dhá theach nó áit atá breis curtha leis an teach agus táthar tar éis dul isteach ar thaobh theach eile.

Tá a fhios agam anseo i mBaile Átha Cliath go mbíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, nuair a théann sé ar Google Maps, in ann a aithint cén uair a rinneadh athrú nó pictiúr a chur i gcomparáid le ceann eile agus a rá le daoine go bhfuil botún déanta ó thaobh pleanála de nó go bhfuil siad ag cloí leis an tomhais, gan fiú dul amach ar an suíomh. Uaireanta bíonn sé deacair an rud a fheiceáil ar an suíomh féin. Uaireanta eile bíonn sé níos fearr dul ar an suíomh. Tá an dá rud ann. Tá sé seo go maith.

Tá súil agam go n-éireofar leis seo. Níl aon argóint mhór agam ina aghaidh, ach amháin go mbeidh mé ag féachaint an mbeadh ról lárnach ag an gcoiste logainmneacha. B’fhéidir go gcuirfidh mé leasú isteach chun go mbeidh ról nó ceangal lárnach ag an gcoiste logainmneacha mar atá sé faoi láthair agus, má bhunaím agus má bhunaíonn páirtithe an Rialtais coimisiún na logainmneacha arís, seachas coiste deonach, go mbeidh sé sin ceangailte leis seo nó ina fhochoiste ag Tailte Éireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.