Dáil debates

Thursday, 22 September 2022

Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Second Stage (Resumed)

 

1:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Bille an-tábhachtach é seo agus is gá dúinn déanamh cinnte de go bhfuil sé i gceart nó chomh ceart agus is féidir leis a bheith, ach go háirithe an chuid sin a dhéanann déileáil leis na ráitis agus na focail a deirtear nó fiú na físeáin a bhíonn ar na meáin shóisialta. San áireamh ansin tá na hionsaithe a dhéantar ar dhaoine agus na bréaga a insítear agus caithimid déanamh cinnte de, chomh tapa agus is féidir, go bhfuil deireadh leo, go bhfuil siad imithe agus go bhfuil an dochar maolaithe beagán, más féidir in aon chor. Sin an cleas agus sin an fhadhb is mó atá againn.

Bhí na sean-mheáin mall ag bogadh. Bhí nuachtáin ann agus ní dhearna siad an oiread sin damáiste is a dhéanann roinnt de na meáin shóisialta. Má théann rud amach ar na meáin shóisialta bíonn sé láithreach agus bíonn tionchar diúltach i gceist láithreach. Caithimid an iarracht is fearr gur féidir linn a dhéanamh chun déanamh cinnte de na bréaga atá á n-insint ar na meáin shóisialta a stopadh. Chomh maith leis sin, caithfear an míchlú nó damáiste a dhéantar do dhaoine a stopadh láithreach. Tá duty ag na comhlachtaí móra sna meáin shóisialta i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh. Tá siad ag déanamh brábús ollmhór. Tá a lán daoine fostaithe acu atá in ainm agus a bheith ag déileáil leis seo ach fós féin feicimid gach uile lá go bhfuil damáiste agus bulaíocht á ndéanamh ar dhaoine óga agus ar dhaoine eile. Bíonn drochthionchar leis sin agus bíonn daoine ag cur lámha ina bhásanna féin de thairbhe roinnt den stuif a thiteann amach ar na meáin shóisialta. Roinnt acu is sna meáin shóisialta a fheiceann muid iad ach i roinnt chásanna eile leithéidí WhatsApp do ghrúpaí agus mar sin atá ann. Bíonn grúpaí tagtha le chéile ansin agus bíonn páistí nó daoine óga ach go háirithe gafa i ngrúpaí agus casann an ghrúpa orthu agus déanann sé sin dochar.

Tá a fhios agam go bhfuil an Irish Council for Civil Liberties tar éis ceisteanna a ardú mar gheall nach bhfuil an foclaíocht i gceart nó rian go leor chun déanamh cinnte de go mbeidh an tionchar ceart ann agus go mbeidh sé láidir go leor go mbeadh muid in ann an méid atá á lorg againn a dhéanamh. Tá mé ag súil go mbeidh díospóireacht maith againn ar Chéim an Choiste ionas chun déanamh cinnte de go mbeidh an foclaíocht seo i gceart agus ionas go bhfoghlaimeoimid ó thíortha eile, más féidir in aon chor, conas a raibh siad in ann déileáil leis an damáiste seo. Tá a fhios agam go bhfuil an tAire agus gach duine tiomanta leis seo. Ní hé go bhfuilimid ag teacht i gcoinne a chéile. Tá gach duine ag iarraidh teacht ar an réiteach céanna; gur féidir linn saoirse a bheith againn ó thaobh na meáin, foclaíocht agus a leithéid, agus ag an am céanna caithfear an chosaint chuí a thabhairt do ghnáthphobal na tíre, uaireanta páistí nó daoine eile atá leochaileach agus a bhíonn faoi ionsaí sna meáin shóisialta. Bíonn siad faoi ionsaí uaireanta sna sean-mheáin chomh maith ach ar a laghad tá bealach acu dul chun na cúirteanna cuibheasach gasta. Áfach i gcás na meáin shóisialta bíonn sé i bhfad Éireann níos deacra. Sin ceann de na rudaí a chaithimid a réitigh anseo ionas go mbeidh gach rud i gceart.

Feicim go raibh an tuarascáil sin ón ghrúpa saineolaithe i dtaca le meicníocht aonarach foilsithe ag an Aire agus is maith an rud é sin. Ní hamháin go bhfuil muid ag braith ar na comhlachtaí atá na meáin shóisialta acu ach tá seans ann gur féidir le duine cás aonarach nó gearán aonarach a dhéanamh muna bhfuil sé nó sí ag fáil sásamh ó na comhlachtaí seo. Caithimid déanamh cinnte de go bhfuil sé sin i gceart. Níl an tuarascáil iomlán léite agam; tá mé díreach tar éis sracfhéachaint a thabhairt uirthi ach táimid ag dul sa treo ceart ón méid atá léite agam go fóill, ach go háirithe ós rud é go bhfuil an coimisinéir sábháilteacht ar líne ann agus go mbeidh foireann aige nó aici. Tagraím don mhaoiniú agus tá a fhios agam go bhfuil píosa sa reachtaíocht seo faoi sin mar sin is féidir déanamh cinnte de amach anseo go mbeidh an maoiniú ann don choimisinéir sin chun déanamh cinnte nach bhfuil sé nó sí gann ar fhoireann. Uaireanta nuair a bhunaímid rudaí mar seo bíonn siad mall ag dul i dtaithí ar an jab atá acu. Ansin ní bhíonn an t-airgead acu, bíonn troid acu agus bíonn siad dírithe ar troid ar son maoinithe seachas i gcás mar seo nuair gur chóir go mbeadh na meáin féin agus an Státchiste ag íoc as seo. Foilsíodh an tuarascáil sin agus tá roinnt phointí ardaithe ann nach bhfuil ina n-iomlán sa reachtaíocht seo. Mar sin, glacaim leis, nuair a bheimid ag déanamh déileáil leis ar Chéim an Choiste, má tá aon spás nó má tá aon bearnaí ann atá léirithe ag an tuarascáil seo, go mbeimid in ann leasuithe a chur chun cinn ar an gCéim sin nó ar Chéim na Tuarascála.

Tá ceist eile agam maidir leis an moladh atá ann thar na blianta go mbeadh levy curtha ag an Stát ar na grúpaí atá ag déanamh streaming ar scannán, teilifís nó a leithéid isteach sa tír seo agus an fáth leis an levy sin. Tá daoine ag rá go bhfuil suim airgid mhór le teacht air so fuair muid ar fad roinnt litreacha ó leithéidí Screen Composers Guild Ireland nó Screen Producers Ireland agus bhí siadsan ag leagan amach go raibh timpeall €25 milliún a bheadh ar fáil dúinn dá mbeadh muid ag leanúint an sampla atá an Fhrainc agus tíortha eile tar éis a dhéanamh.

Bheadh muid in ann an t-airgead sin a úsáid chun infheistiú a dhéanamh i níos mó táirgí cultúrtha Éireannacha ó thaobh na táirgí closamhairc atá ar fáil. Ba chóir go mbeadh méid áirithe den €25 milliún sin curtha ar leataobh do scannáin nó físeáin Ghaeilge. Tá léirithe cheana féin ag Cine4 le bliain anuas gur féidir, má tá airgead ann, le scannán as Gaeilge dul in iomaíocht le haon scannán eile ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá daoine tar éis labhairt faoi “An Cailín Ciúin” ach tá scannáin eile ann cosúil le “Róise & Frank”, nach bhfaca mé go fóill, “Foscadh”, “Arracht” agus a leithéid. Is féidir leo dul san iomaíocht ach ní féidir muna bhfuil an t-airgead agus an t-infheistiú ann. Seo bealach le hinfheistiú a fháil a bheadh ann chuile bhliain. Chomh maith le sin, bheadh daoine in ann ní díreach stuif as Gaeilge ach gnéithe eile de shaol na hÉireann a chur chun cinn, seachas a bheith i gcónaí san iomaíocht le scannáin atá bunaithe ar mheon cultúrtha thíortha eile. Tá a lán scannánaíochta ag tarlú sa tír seo faoi láthair ach tá an chuid is mó de na scannáin ag teacht isteach ó thar lear so is meon difriúil atá acu, meon Meiriceánach nó Sasanach nó a leithéid. Tá aisteoirí agus oibrithe Éireannacha ann ach bheadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh muid in ann níos mó airgid a chur sa treo sin. Tá a lán déanta ag Rialtais thar na blianta chun cuidiú leis an earnáil sin don eacnamaíocht.

Ba chóir go mbeadh dualgais ag an gcoimisiún maidir leis an nGaeilge. Ba chóir dúinn níos mó a dhéanamh ó thaobh coimisiún na meán chun déanamh cinnte de go bhfuil níos mó tacaíochta ar fáil do na meáin Ghaeilge. Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil ag éirí go maith le TG4 ach is féidir éirí i bhfad Éireann níos fearr leo. Tá meáin Ghaeilge eile ann, ar nós Raidió na Gaeltachta agus an beagán a dhéanann RTÉ maidir leis an nGaeilge. Bheadh mé ag súil go mbeadh baint ag leithéidí Raidió Rí-Rá leis sin amach anseo, chomh maith leis na meáin shóisialta agus an úsáid atá ansin ó thaobh na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh muid ag déanamh cinnte de, más féidir, go mbeidh daoine ar an gcoimisiún go bhfuil Gaeilge acu agus a thuigeann an Ghaeilge. Muna bhfuil, beidh sé deacair dóibh tuiscint iomlán a bheith acu ar na fadhbanna atá ann ó thaobh na Gaeilge de. Caithfimid féachaint air sin. Nuair a rinne mé an argóint seo thar na blianta faoi rudaí eile, dúirt daoine nach féidir linn idirdhealú a dhéanamh idir dhream amháin agus dream eile. Seo ceist náisiúnta. Is í chéad teanga na tíre atá i gceist. Chomh maith leis sin, tá straitéis náisiúnta ann le blianta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Is cosaint áirithe atá i gceist agus déanamh cinnte de go bhfuil daoine ag teacht linn. Más gá, ba chóir go mbeadh fochoiste ag an gcoimisiún féin atá dírithe go huile agus go hiomlán ar cheist na meán Gaeilge, sa chaoi go bhfuil ról lárnach acu ag cinntiú go bhfuil siad ag cur na Gaeilge chun cinn, níos mó ná mar atá luaite. Tá sé luaite i ról an choimisiúin ach d’fhéadfadh muid beagáinín níos mó dearfacht a thabhairt ansin agus déanamh cinnte de go bhfuil siad ag cur na Gaeilge chun cinn go leanúnach san obair atá á dhéanamh acu. Is gá go mbeadh an tuiscint sin acu ó thús nach bhfuil ról acu díreach ag féachaint ar na meáin ach ag cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge sa tír. Tá an ról sin ag gach uile chomhlacht nó eagras Stáit tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith rite.

Tá an buiséad ag teacht chun cinn agus iarraim ar an Aire, más féidir léi in aon chor, impí ar an Aire Airgeadais tuilleadh airgid a thabhairt di chun déanamh cinnte de go bhfuil TG4 slán sábháilte agus in ann cur leis an obair atá á dhéanamh acu, ach go háirithe in aitheantas don mhéid a rinne siad ó thaobh na bpáistí de le linn na paindéime. Tá sé tábhachtach go mbeidh na páistí atá ag teacht amach anseo ag féachaint ar theilifís as Gaeilge agus go bhfuil an líofacht sin acu. Is cuma le páistí ag aois áirithe an i nGaeilge, i mBéarla nó i bhFraincis atá na cartúin nó na cláir atá acu. Más féidir linn cuidiú le TG4 agus b’fhéidir Raidió Rí-Rá, bheadh muid in ann an dá chuid den tsochaí atá againn a dhíriú ó thaobh na Gaeilge de. B’fhéidir go ndéanfadh sé an jab níos éasca dá mbeadh muid uilig ceangailte leis na meáin cheannann chéanna, seachas na meáin shóisialta mar atáimid le tamall na blianta anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.