Dáil debates

Wednesday, 21 September 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Water Services

9:52 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá mise ag labhairt ar son an Rialtais agus tá dualgas ar Uisce Éireann cumarsáid agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal sna ceantair go léir. Tá dualgas air i bhfad níos mó eolais a thabhairt don phobal, do Theachtaí Dála agus do chomhlairleoirí contae sa cheantar freisin. Iarrfaidh mé ar Uisce Éireann é sin a dhéanamh agus iarrfaidh mé ar an Aire teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann maidir leis sin.

Tá fadhb ansin. Tá mise sásta go bhfuil an fhadhb sin feicthe ag Uisce Éireann agus tá súil agam go mbeidh sé in ann an fhadhb sin a réitigh. Tá sé réitithe in Inis Oírr anois. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le muintir an Spidéil, le muintir Inis Bó Finne agus le muintir Inis Oírr agus leis an gnóthaí ansin freisin as an bhfoighne agus as an gcomhoibriú atá déanta acu.

Caithimid sláinte an phobail a chosaint agus is dualgas ríthábhachtach é sin d’Uisce Éireann. Táimid ag iarraidh go mbeadh na fógraí seo bainte go luath ach níor cheart go mbeadh siad bainte go dtí go bhfuil an soláthar sábháilte agus ceart ann chun an t-uisce a ól. Tá a fhios agam go bhfuil Uisce Éireann ag obair go han-mhaith le Comhairle Chontae na Gaillimhe ach aontaím leis an Teachta go dteastaíonn i bhfad níos mó teagmhála leis na comhairleoirí contae agus leis na Teachtaí Dála. Beidh mise i dteagmháil leis an Aire ag insint dó a bhfuil curtha in iúl ag an Teachta Connolly ar son muintir an cheantair sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.