Dáil debates

Wednesday, 21 September 2022

Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions

 

12:32 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Baineann mo cheist le hábhar atá gar do chroí an Aire, is é sin cúrsaí oileánacha. Sa chomhthéacs sin, agus mar is eol dó, táimid ag fanacht leis na cianta ar pholasaí cuimsitheach do na hoileán uilig ar chósta na tíre. Faoi dheireadh thiar thall, tá an chosúlacht ar an scéal go mbeidh an polasaí sin críochnaithe roimh dheireadh na bliana, dar leis an Aire, Teachta Humphreys, ar aon nós, agus beidh súil ghéar á coinneáil agam go gcomhlíonfaidh an Rialtas an gealladh sin.

Bhí próiseas comhairliúcháin mar chuid lárnach d’fhorbairt an pholasaí sin agus chuir ionadaithe ar son mhuintir na n-oileán in iúl d’oifigigh na Roinne, i measc gnéithe eile, go raibh gá práinneach athrú a dhéanamh maidir leis an mbealach atá beartaithe chun infheistíocht a chur ar fáil do na hoileáin faoin scéim LEADER agus, go háirithe, go dtabharfaidh aitheantas do na hoileáin mar réigiún ann féin. Is éileamh é sin a luíonn le réasún ó thaobh dáileadh acmhainne de. Is é sin an réiteach is ciallmhaire, dar le muintir na n-oileán, agus aontaím leo. Is iadsan na saineolaithe sa chomhthéacs seo.

Faraor, níl faighte acu go dtí seo ach an chluas bhodhar. Táim ag impí ar an Aire agus ar an Rialtas go n-éistfidh siad le muintir na n-oileán agus leis na hionadaithe a chuir in iúl go soiléir na hathruithe atá ag teastáil, go háirithe, má tá siad i ndáiríre faoi pholasaí cuimsitheach agus inmharthana do na hoileáin a fhorbairt, a fhoilsiú agus a fheidhmiú, bunaithe ar mhianta agus ar éilimh mhuintir na n-oileán.

In a week in which the Minister happily launched sustainable development goals in what will be an annual event lasting for a week, which I welcome, I have a specific question on the policy being developed for the islands. Finally, after a very long time, it looks like we will get this policy before Christmas. As part of the consultation process for developing that report, the representatives of all of the islands asked for a number of things. Very specifically, they asked that the funding model under the LEADER programme be changed and that the islands, altogether, ar fud na tíre, be recognised as one region and that the funding would go to them as one sub-region. Despite my best efforts and the best efforts of my colleague in Galway, Deputy Ó Cuív, and other Deputies, there is little hope of a change so far judging from the answers we have got. In a week in which we are talking about sustainable goals, tá deis aige anois beart a dhéanamh de réir a bhriathair and to do something practical to ensure that there is sustainable living on the islands.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.