Dáil debates
Wednesday, 6 July 2022
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
An Garda Síochána
9:52 am
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ní fheadar cad a déarfaidh mé. Is í an deacracht is mó ná go bhfuil daoine roghnaithe ar an bpainéal. Tá na ceapacháin ullmhaithe le scaoileadh ach arís is arís eile feicimid go bhfuil áiteanna eile á gcur chun tosaigh agus nach bhfuiltear ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta. Tá sé seo luaite arís agus arís eile ag an gCoimisinéir Teanga. Glacann Coimisinéir an Gharda Síochána go bhfuil gá leis. Nuair atá painéal ar fáil, ba chóir dóibh brú ar aghaidh agus an folúntas sin a líonadh.
When the panel has been selected and people are ready for appointment, it makes no sense to withhold the appointment when there has been a vacancy of almost three years.
Ba mhór an trua é nach raibh aon tagairt sa fhreagra mar gheall ar riachtanais nó dualgais na ngardaí maidir le freastal ar phobal na Gaelainne agus ba chóir go mbeadh. Is bunábhar é sin. An féidir leis an Aire Stáit tréimhse ama a leagan amach? Will the Minister of State outline a timeline as to when those appointments will be released, as the panel is already in place?
..Dar ndóigh, tá folúntas nua tagtha chun cinn i gceantar Mhaigh Chromtha idir an dá linn agus feicimid go mbeidh brú breise sa cheantar. Gan dabht, beidh an stáisiún i Maigh Chromtha mar cheanncheathrú amach anseo. Má tá aon eolas ag an Aire Stáit ar an gceanncheathrú do Chorcaigh bheinn buíoch. Más féidir aon eolas a thabhairt ar Macroom's new Garda station bheadh sé sin úsáideach chomh maith.
No comments