Dáil debates

Wednesday, 6 July 2022

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

An Garda Síochána

9:42 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an folúntas seo ann ó d’éirigh an sáirsint as in 2019 i mBaile Bhuirne. Bhí réamheolas ag an am sin ag na gardaí toisc go raibh an sáirsint ag druidim le haois faoi leith agus go mbeadh air éirí as. Tuigim go raibh iarrachtaí éagsúla déanta chun duine a fháil don phost ach níor éirigh leo ar feadh i bhfad. Tá roinnt mhaith plé déanta ag an gcomhchoiste póilíneachta, JPC, thar na blianta, mar gheall ar fholúntas Bhaile Bhuirne a líonadh. Aithnítear gur chóir do Ghaeilgeoir a bheith ann. Dar ndóigh, aon uair a bhíonn aon phlé ar an ábhar, feicimid go gcuireann na gardaí Gaeilgeoir chun cinn i gcónaí d’aon fholúntas sa cheantar agus sin mar ba chóir dó a bheith.

Is amhlaidh go raibh comórtas ann an geimhreadh seo caite chun daoine a roghnú mar sháirsintí. Tá painéal curtha le chéile ón gheimhreadh seo caite chun daoine a ainmniú mar sháirsintí. Is amhlaidh gur tosaíodh le ceapacháin in áiteanna éagsúla le linn an earraigh. Dar ndóigh, ní raibh aon duine ceaptha i mBaile Bhuirne. Is stáisiún beag é Baile Bhuirne agus Béal Átha an Ghaorthaidh agus nuair atá duine amháin tógtha as an áireamh ansin, cuireann sé níos mó brú ar an bhfoireann. Ní bhíonn gardaí ar fáil chun freastal ar an bpobal nuair atá duine as triúr in easnamh.

Léiríonn sé chomh maith an dearcadh atá ag na gardaí go bhfuil an dream sin all right agus níl siad ag freastal orthu. Níl sé sin sásúil. Tá an Coimisinéir Teanga tar éis tuairisc a dhéanamh ar an tslí go bhfuil teipthe ar na gardaí freastal ar phobal na Gaelainne. De bharr frustrachais leanúnaigh thar chúpla bliain, tá sé tar éis na tuairisce sin a leagan os comhair an Oireachtais. Is é sin an chéim is airde gur féidir leis an gCoimisinéir Teanga a dhéanamh.

Tháinig Coimisinéir an Gharda Síochána os comhair an choiste Gaelainne chun an t-ábhar sin a phlé. Léirigh sé an deacracht atá ann daoine a fháil le Gaelainn. Ghlac sé leis go raibh fadhb ann agus go rachaidh na gardaí i ngleic leis agus gheall sé go gcuirfidís faoi. Ina ainneoin sin, tá an folúntas i mBaile Bhuirne ag druidim le trí bliana faoin tráth seo agus in ainneoin gur roghnaíodh painéal daoine an geimhreadh seo caite. Tá dul chun cinn déanta ar cheapacháin eile ón earrach in ainneoin an ráitis ón gcoimisinéir go bhfuil muintir na Gaelainne tábhachtach. Tá folúntas leanúnach ann agus tá sé níos glórmhaire ná aon ghealltanas ó údaráis an Gharda nó ó Choimisinéir an Gharda Síochána é féin. Is mithid do na gardaí brú ar aghaidh agus beart a dhéanamh de réir a mbriathair. Is mithid do na gardaí faoin tráth seo sáirsint nua a ainmniú do Bhaile Bhuirne agus brú ar aghaidh leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.