Dáil debates
Tuesday, 21 June 2022
Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Limistéir Pleanála Teanga
9:30 pm
Jack Chambers (Dublin West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, is ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá an fhreagracht maidir leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 faoina dtagann gnóthaí i ndáil le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht. Faoi réir alt 10(2)(m) den Acht sin, is gá go ndéanfadh plean forbartha cúram do chosaint oidhreacht teanga agus cultúrtha na Gaeltachta lena n-áirítear an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga an phobail i gcás ina mbeidh limistéar Gaeltachta i limistéar an phlean forbartha. Thionóil an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta grúpa oibre i mí na Bealtaine 2021 chun gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála sa Ghaeltacht a scrúdú. Tá an grúpa seo comhdhéanta d'ionadaithe ó mo Roinn, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Údarás na Gaeltachta agus an t-ocht údarás áitiúla ábhartha. Is cruinniú amháin den ghrúpa seo atá eagraithe go dáta. Chun tacú leis an obair atá ar bun agus chun dlús a chur leis, tá oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ó mo Roinn féin agus ó Údarás na Gaeltachta ag obair i gcomhar lena chéile chun cúrsaí pleanála i gceantair Ghaeltachta a chur chun cinn.
Ceann de na príomhaidhmeanna atá ag an ngrúpa idir-rannach ná córais a chur i bhfeidhm, de réir mar is cuí, chun cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach a chothú do na húdaráis áitiúla mar a bhaineann sé leis an gcóras pleanála sa Ghaeltacht a bhainistiú. Tá an grúpa idir-rannach ag scrúdú conas a d’fhéadfaí cleachtais reatha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha seo a neartú ar mhaithe le leas iomlán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe agus polasaí pleanála cuí a bheith i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist go ndéanfaidh an polasaí seo an soiléiriú agus treoir a chur ar fáil maidir le conas gur fearr comhsheasmhacht agus cothromaíocht an córas pleanála a fheabhsú, stádas na Gaeilge a chosaint sa Ghaeltacht agus cúnamh a sholáthar do na húdaráis áitiúla ábhartha.
Tionóladh an cruinniú is déanaí den ghrúpa idir-rannach ar an 24 Bealtaine 2022 in oifigí mo Roinne sna Forbacha. San iomlán, tháinig na Ranna le chéile sé huaire ó mhí Feabhra 2021. Is é an cleachtas reatha go nglactar miontuairiscí ag cruinnithe den ghrúpa idir-rannach de ghnáth.
No comments